Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/222

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Ba chríonna le Mrs Kernan cheilt a sásaimh. Mar sin, is é a dúirt:

“Mo ghraidhin an sagart a chaithfeas éisteacht le do scéal.”

Tháinig athrú ar dhreach Mr Kernan.

“Mura maith leis é,” ar sé go borb, “tig leis... an rud eile a dhéanamh. Inseod mo scéal beag ainnise, sin an méad. Ní drochdhuine amach is amach mé -”

Rinne Mr Cunningham eadráin ar an toirt.

“Diúltóimid uile don diabhal,” a dúirt sé, “ar aon, gan dearmad ar a oibreacha is a ealaín.”

“Bí ar siúl, a Shátain!” a dúirt Mr Fogarty de gháire is ag spléachadh ar na fir eile.

Ní dúirt Mr Power faic. Chonaictheas dó go raibh sé go hiomlán sáraithe i gceannasaíocht. Ach rith léas sásaimh trasna a aghaidhe.

“Níl le déanamh againn,” a dúirt Mr Cunningham, “ach seasamh suas le coinneal lasta inár nglaic againn agus tabhairt arís ar ár móideanna baiste.

“Ó, ná dearmad an coinneal, Tom,” a dúirt Mr M’Coy, “pé rud eile a dhéanfair.”

“Céard?” ar Mr Kernan. “An mbeidh call agam le coinneal?”

“Ó beidh,” ar Mr Cunningham.

“Arú, damnú air ar fad mar scéal,” a dúirt Mr Kernan go goilliúnach. “Ní rachad chomh fada le sin. Déanfad an dualgas, ceart go leor. Déanfad an cúrsa creidimh seo agus an faoistin, agus... an gnó sin ar fad. Ach... cosc ar choinnle! Damnú air, ní ghlacfad le coinnle!

Chroith a cheann le tromchúis ghreannmhar.

“Éistí sin!” ar a bhean.