Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/220

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Céard?” ar Mr Kernan le hiontas. Ar John as Tuaim é?”[1]

“An bhfuilir cinnte de sin anois?” a cheistigh Mr Fogarty go hamhrasach. “Cheapas gurbh Iodálach nó Meiriceánach éigin é.”

“John as Tuaim,” a dúirt Mr Cunningham, “an fear a bhí ann.”

D’ól sé agus rinne na fir uaisle eile amhlaidh. Ansin labhair arís:

“Bhíodar uile ansin, idir chairdinéil agus eapaig agus ardeaspaig as gach ceard den domhain, agus an bheirt seo in árach is in achrann leo nó gur sheas an Pápa féin suas sa deireadh thiar thall agus d’fhógair nach féidir dogma na hEaglaise ex cathedra a lochtú. I láthair na huaire sin John MacHale, a bhí glan ina aghaidh an smaoinimh go nuige sin, sheas sé suas gur lig búir leoin: ‘Credo!'”

“Creidim!” ar Mr Fogarty.

Credo!” ar Mr Cunningham. “Léiríonn sin a chreideamh. Ghéill a thúisce is a labhair an Pápa.

“Agus céard faoi Dowling?” a cheistigh Mr M’Coy.

“Ní ghéillfeadh an cairdinéal Gearmánach. Thug a dhroim don eaglais.”

D’fhág focail Mr Cunningham íomhá ollmhór maorga den eaglais i meoin a lucht éisteachta. Chuir a ghlór toll grágach faoi dhraíocht iad agus é ag aiceannú na bhfocal creidimh agus géillte. Ag teacht sa tseomra do Mrs Kernan agus í ag triomú a lámh, fuair sí tost sollúnta

  1. John Mac Hale: (1791-1881), Ardeaspag Tuama. Is fíor gur fhreastal sé ar an Chéad-chomhairle Vatacánach sa Chathair Naofa i 1869 agus gur chuir i gcoinne dogma Do-earráide an Phápa. A thúisce is a vótáil móramh na nEaspag i bhfabhar an dogma i 1870 agus a d’fhógair an Pápa féin ina reacht é, thug seisean a lán-thacaíocht don dogma freisin. Is cosúil nach raibh sé fós i láthair na céad-chomhairle Vatacánaí nuair a tharla sin áfach.