Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/204

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

mheasadar go raibh sé cosúil le Shakespeare san aghaidh.

Ar bhfoilsiú an rúin di, dúirt Mrs Kernan:

“Fágaim fútsa ar fad, Mr Cunningham.”

Tar éis cheathrú céid de shaol an phósta ba bheag seachrán a bhí uirthi fós. Ba ionann agus cleachtadh léi an Creideamh agus níor dhóigh léi go n-athródh duine d’aois a fir mórán roimh a bhás. Ba bheag a bhéarfadh uirthi ceapadh go raibh díoltas ait ina thimpiste agus, murach nár mhaith léi go gceapaidís go raibh an faltanas inti, déarfadh leo nár dochar do theanga Mr Kernan gur giorraíodh í. Mar sin féin, ba fhear cumasach é Mr Cunningham; ba chreideamh é creideamh. B’fhéidir go ndéanfadh an beart maitheas éigean agus, ar a laghad ar bith, ní raibh dochar ann. Níor chuaigh sí thar fóir lena creideamh. Chreid go daingean sa Chroí Ró-Naofa mar ábhar deabhóide ba mhó fónaimh agus ghlac leis na sacraimintí. Ba iad fraitheacha a cistine teorann a creidimh ach, dá dtagtaí an crú ar an tairne, bheadh sé d’acmhainn aici creideamh sa bhean sí agus sa Spiorad Naoimh in aoinfheacht.

Thosaigh na fir uaisle ag caint faoin timpiste. Dúirt Mr Cunningham gur tháinig ar chás cosúil leis tráth. Bhain fear deich mbliana is trí fichead píosa dá theanga d’alp le linn thaom titimis agus d’fhas an teanga arís go nach raibh rian den chiorrú fágtha.

“Sea, níl mise in aois mo dheich mbliana is trí fichead,” ar an t-othar.

“Nár lige Dia é,” ar Mr Cunningham.

“Níl pian inti anois?” a d’fhiosraigh Mr M’Coy.