Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/200

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Bhóthar Glas Naíon agus tugadh cabhair do Mr Kernan siúl isteach sa teach. Chuir a bhean a luí é agus shuigh Mr Power síos sa chistin a chur cainte ar na gasúir. D’fhiafraigh dhíobh cá rabhadar ar scoil agus cén leabhar a bhí á staidéar acu. Thuigeadar nach raibh smacht ag a n-athair orthu mar gheall ar an riocht ina raibh sé agus go raibh a máthair imithe as an tseomra – bhí cead a gcinn acu ar feadh scaithimh. Thosaíodar ag pleidhcíocht le Mr Power. Bhain a n-iompar agus a gcanúint siar as. Tar éis tamaill, tháinig Mrs Kernan isteach sa chistin go ndúirt:

“A leithéid d’fheic! Ó, maróidh sé é féin lá éigean agus sin bun agus barr é. Níor lig den ól ó Dé hAoine.”

Chuir Mr Power i gcion uirthi nárbh eisean faoi deara a tharla dhó, gur tháinig ar an láthair trí thimpiste agus trí thimpiste amháin. Ba chuimhin le Mrs Kernan go ndearna Mr Power idirghabháil stuama nuair a bhí achrann ar siúl sa bhaile. Chuimhnigh ar a liacht iasachtaí a thug. Ba iasachta beaga iad, ach bhíodar tráthúil. Dúirt:

“Ó, ní call sin a rá liom, Mr Power. Tá a fhios agam gur cara leis thú, murab ionann agus cuid eile lena mbíos sé. Táid togh a fhad is atá airgead ina phóca aigesean a choinneáil óna bheann agus óna chlann. Cairde deasa iadsan! Cé a bhí ina chuideachta anocht? Sin ba mhaith liomsa fáil amach.

Chroith Mr Power a cheann ach ní dúirt focal.

“Tá an-aiféala orm,” a lean sí, nach bhfuil aon cheo sa tigh a thabhairt duit. Ach má fhanair nóiméad, cuirfead ceann de na páistí chun tí Fogarty ag an chúinne.”

Sheas Mr Power suas.