Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/198

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

An gheit agus an phian, a bhí ina tús, bhaineadar an mheisce dhe píosa.

“Tá fáilte romhat,” a dúirt an fear óg.

Chroitheadar lámh lena chéile. Ardaíodh Mr Kernan ar an charr. Agus Mr Power ag insint an tseolta don tiománaí, thug Mr Kernan a bhuíochas in iúl don fhear óg agus dúirt go raibh aiféala air nach mbeadh deoch acu le chéile.

“Am éigin eile,” ar an fear óg.

D’imigh an carr leis i dtreo Shráid Westmoreland. Leathuair tar éis a naoi an t-am ar chlog an Ballast Office agus an carr ag dul thairis. Bhuail gaoth ghéar iad ó bhéal na habhann anoir. Bhí Mr Kernan cuachta craptha isteach ar féin leis an fhuacht. D’fhiafraigh a chara dhe conas ar tharla an timpiste.

“Ní’m in acmhainn,” ar sé, “thá mo theanga ghontha.”

“Taispeáin dom.”

Luí an fear óg amach thar phortbhalla an chairr gur fhéach isteach béal Mr Kernan ach níor léir dó. Las cipín soilse agus thug foscadh dhó i gcuas a bhos gur ghlinnigh arís isteach sa bhéal a d’oscail Mr Kernan go géilliúil. Bhog an cipín anonn is anall le luascadh an chairr. Bhí na fiacla íochtaracha agus na gumaí clúdaithe le fuil théachta agus ba chosúil gur baineadh greim beag amach as earr na teangan. Mhúch an cipín.

“Tá drochbhail uirthi.”

“Dhera, tháim thogh,” a dúirt Mr Kernan, iar ndúnadh a bhéil dó gur chas cába brocach a chóta aníos thar a mhuineál.