Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/182

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Átha Cliath go luath Dé hAoine le bearta fógrán. Bhí bolscaireacht speisialta i ngach uile pháipéar nuachta tráthnóna a thug le fios do leantóirí ceoil an aoibhneas a bhí faoina gcoinne an oíche lá arna mhárach. Mhaolaigh sin faitíos Mr Kearney beagán, ach thogair insint cuid dá hamhras dá fear. D’éist seisean go cluasach, go ndúirt nár mhór dó, b’fhéidir, teacht ina cuideachta oíche Dé Sathairn. D’aontaigh sí leis. Bhí meas aici ar a fear céile sa dóigh chéanna is a bhí meas aici ar Ardoifig an Phoist, mar rud mór daingean diongbháilte; agus cé gur thuig sí laghad a bhuanna bhí meas aici air a bhuíochas ar a luach teibí mar fhear. Bhí sásta gur mhol sé dul léi. Chuimhnigh a plean.

Tháinig oíche na coirme móire. Tháinig Mrs Kearney, a fear céile agus a hiníon isteach san Antient Concert Rooms trí cheathrú uaire roimh an am a bhí an cheolchoirm le tosú. Ar an drochuair tráthnóna beag fliuch a bhí ann. D’fhág Mrs Keaney éadaí a hiníne i gcúram a fear céille gur chuardaigh an foirgneamh ó bhun go barr ar Mr Holohan nó ar Mr Fitzpatrick. Níor aimsigh ceachtar díobh. Cheistigh de na stíobhaird an raibh duine ar bith den Choiste sa halla agus, tar éis buairimh móir, thug stíobhard amach bean bheag darbh ainm Miss Beirne, agus mhínigh Mrs Kearney dhi gur mhian léi labhairt le duine de na rúnnaithe. Bhí Bean Uasal Ní Broin ag dréim leo nóiméad ar bith feasta agus d’fhiafraigh an raibh aon ní a d’fhéadfadh sise déanamh. Scrúdaigh