Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/175

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

MÁTHAIR


Bhí Mister Holohan,[1] rúnaí cúntach Eire Abu Society [sic], bhí ag siúl suas síos sráideanna Átha Cliath le beagnach mí anuas, a lámha agus a phócaí lán de ghiotaí broca páipéir, a eagrú na sraithe ceolchoirmeacha. Bhí leathchos bhacach faoi as ar bhaist a chairde Hoppy Holohan air. Shiúladh suas síos gan stad, nó sheasadh ag cúinní sráideanna ar feadh uaireannta an chloig ag dóbartaíl agus ag breacadh nótaí ar phár; ach i ndeireadh na dála ba í Missus Kearney a d'eagraigh gach aon ní.

Le teann oilc a d'éirigh Miss Devlin ina Missus Kearney. Fuair oideas i gclochar uasaicmeach, inar fhoghlaim Fraincis agus ceol. De bhrí gurbh é a dúchas aici bheith mílítheach agus doicheallach, ba bheag cairde aice sa scoil. Nuair a tháinig sí in inmhe a pósta, cuireadh chuig an iomad tithe í inar tugadh an-mheas ar a hoilteacht cheoil agus ar a dóigh choimhthíoch. Ansin a shuíodh sí lena cnuasach buanna fuara a fheithimh le suiríoch éigin a rachadh san fhiontar a thairiscint saol na bhfuíoll di. Ach na fir a gcasadh sí leo, bhíodar coitianta agus ní thugadh sí misneach dá laghad dóibh, ach d’itheadh go leor Turkish Delight faoi cheilt in iarracht thabhairt sóláis dá mianta rómánsúla. Nuair a bhí aois na seanmaighdine ag drannadh léi agus thosaigh a cairde ag caint

  1. Holohan: Ó hUallachán – as Mac Uallacháin (uallach + an iarmhír ‘-án’ sa tuiseal ghinideach i. Móiréiseach)