Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/167

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Ceann caol na dinge,” ar Mr Henchy.

Dháil an seanfhear an trí bhuidéal a d’oscail agus d’ól na fir in éidí uathu. Iar n-ól dóibh leag gach aon a bhuidéal ar an mhatal in aice láimhe agus tharraing anáil fhada go sona sásta.

Well, rinneas lá maith oibre inniu,” a dúirt Mr Henchy, iar sos cainte.

“An mar sin é, John?”

“Sé. Fuaireas dóigh mhaith bhuaite nó dhó dhó, mise agus Crofton. Eadrainn féin, an bhfuil a fhios agat, níl Crofton (is duine ionraic é, ar ndóigh), ach níl sé thar mholadh beirte mar chanbhasálaí. Níl focal le caitheamh ar mhadra aige. Seasann sé ansin agus féachann ar dhaoine a fhad is a dhéanaim féin an chaint.”

Ag an phointe seo, chuaigh beirt fhear isteach sa tseomra. Ba dhuine an-rabhar é duine dhíobh a shílfeá go raibh a éadaí gorma saraiste i mbaol a sleamhnaithe dá chorp mhásach. Bhí aghaidh mhór ar dhealramh daimh óig aige, dhá shúil leamha gorma agus croimbéal bricliath. An fear eile, a bhí i bhfad níos óige agus níos leochailí, bhí aghaidh thanaí, ghlanbhearrtha aige. Bhí cába ard dúbailte agus babhlaer le duilleog fhada á gcaitheamh aige.

“Hello, Crofton!” ar Mr Henchy leis an fhear ramhar. “Tig gach aon rud lena iomrá...”

“Cá as a tháinig an t-ól?” a d’fhiafraigh an fear óg. “Ar rug an bhó?”

“Ó, ar ndóigh, aimsíonn Lyons an t-ól ar an phointe bhoise!” a dúirt Mr O’Connor go gáireach.