Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/153

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Chuir Mr O’Conner an toitín ina bhéal agus chuaigh i mbun púitseála ina phócaí. Tharraing paca cártaí seanga cairtchláir amach.

“Gheobhad lasán duit,”, a dúirt an seanfhear.

“Ná bac, déanfaidh sé seo cúis,” a dúirt Mr O’Connor.

Thóg ceann de na cártaí gur léigh:


TOGHCHÁIN BHARDASACH
ROYAL EXCHANGE WARD[1]

Mister Richard J. Tierney, P.L.G.,[2] iarrann do vóta go humhal urramach sa toghchán seo chugainn sa Royal Exchange Ward.


Is amhlaidh gur fostaíodh Mr O’Connor le gníomhaire An Tighearnaigh chun dhéanamh stocaireachta ar thaobh amháin den bharda ach, ó bhí an aimsir salach agus ó lig a bhuataisí uisce isteach, chaith sé an chuid is mó den ló ina shuí cois tine i Seomra an Choiste i gcuideachta Jack, an sean-airíoch. Bhíodar ina suí ansin ó chrónaigh an lá gearr. An séú lá de Mhí Dheireadh Fómhair a bhí ann agus bhí sé fuar agus gruama lasmuigh.

Bhain Mr O’Connor stiall den chárta go ndearna lasán de agus dhearg a thoitín leis. Ag deargadh a thoitín dó, shoilsigh an lasán an eidhneán dorcha snasta ar liopa a chóta. Bhreathnaigh an seanfhear go dícheallach air, gur ansin phioc suas an píosa cairtchláir arís agus shéid faoin tine arís fad is a chaith a chomrádaí gal.

  1. Ceantar toghcháin atá suite timpeall fhoirgneamh an Royal Exchange, Sráid an Dáma (City Hall/Halla na Cathrach is ainm don fhoirgneamh sin anois).
  2. Poor Law Guardian – oifigeach a toghadh chun dul i ngleic le bochtanas, leis an mhéad airgid is lú a d’fhéadfadh.