Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/145

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

dúbailte teann. Mhaolaigh sa tsiúl ar an bhóthar uaigneach ó Gheata na Páirce go Séipéal Iosóid. Níor bhuail a mhaide an talamh leis an oiread céanna fórsa agus rinne a anáil, a lig sé go stadach mar a bheadh ag osnaíl, rinne sí gal san aer fuar. Ar sroicheadh a thí dhó, chuaigh sé suas dá sheomra codlata lom díreach gur bhain amach an páipéar as a phóca a léamh na míre arís faoi sholas lag na fuinneoige. Níor léigh ós ard í, ach léigh mar a dhéanfadh sagart ag léamh paidreacha rúnda an Oratorio Secreto, is é sin léigh sé le corraí tostach na liopaí. Seo an mhír:

BÁS MNÁ AR PHARÁID SYDNEY

CÁS COSCRACH

Rinne an Leaschróinéir scrúdú iarbháis ar chorp Mrs Emily Sinico, dá fhichead bliain d’aois, a maraíodh ag Stáisiún Pharáid Sydney oíche aréir. Léirigh an fhianaise gur leag an traein mhall a deich a chloig go Dún Laoghaire, gur leag an bhean go talamh agus í ag trasnú na líne, agus go bhfuair sí bás as gortú dá cloigeann agus dá taobh mar gheall air.

Dúirt James Lennon, tiománaí na traenach, go raibh sé i bhfostaíocht an chomhlacht iarnróid le chúig bliana déag anuas. Ar cloisteáil fheadóg an gharda traenach dhó chuir sé an traein faoi shiúl agus stop sé soicind nó dhó ina dhiaidh sin í nuair a chuala sé screadadh ard. Bhí an traein ag gluaiseacht go mall.