Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/142

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

gach ceann díobh lena cheannaire féin agus a áiléar féin, stop sé ag freastal ar na cruinnithe. Bhí díospóireachtaí na n-oibrithe ró-fhaicheallach agus, a dúirt sé, agus chuireadar an iomarca suime i gcúrsaí pá. Mheas sé gur réalaithe doscúcha iad agus gurbh olc leo cruinneas, ar thoradh pribhléide é nach raibh teacht acusan uirthi. Ní dóigh, a dúirt sé léi, go mbuailfadh réabhlóid shóisialta ar bith Áth Cliath go ceann roinnt mhaith céadta de bhlianta.

D’fhiafraigh sí dhe cén fáth nár chuir sé a chuid smaointí ar phár. Cad chuige, a d’fhiafraigh seisean dise le tarcaisne cheansaithe. Le dul in iomaíocht le fir na bhfocal, nach bhféadfadh smaoineamh amháin a leanúint ar feadh seasca soicind? Le feannadh aicme uaisle maoile a sheasamh, dream a chuireas cúram a moráltachta ar an phóilíos agus cúram na míndán ar impreasóirí?

Thugadh sé cuairt ar a tigh beag lasmuigh d’Áth Cliath go minic; go minic chaithidís a n-oíche eatarthu féin. De réir a chéile, agus a smaointí ag fí lena chéile, labhraídís faoi ábhair níos giorra dá gcroí. B’ionann cumann na mná seo agus cré bhogthe faoi phlanda choimhthíoch. Is iomaí uair a lig sí don dorchadas titim orthu sa tseomra gan lasadh an lampa. Thugadh an seomra ciúin dorcha, an t-uaigneas, an ceol a bhíodh ag gabháil fós ina gcluasa, thugaidís le chéile iad in aon mheoin amháin. D’ardaigh an t-aontas seo é, bhain an ghairge dá nádúr, thug mothúchán dá shaol intleachtach. Scaití thugadh sé faoi deara go raibh sé ag tabhairt cluaise dhá ghuth féin. Shíl sé go n-éireodh sé go stádas na n-aingeal de réir a measa siúd, agus, de réir mar a cheangal sé aigne dhíograiseach a chompánaigh dhe féin,