Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/138

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

scríbhneoireachta ar an deasc i gcónaí. Istigh sa deasc bhí aistriúchán lámhscríofa de Michael Kramer le Hauptmann,[1] ar scríobhadh na treoracha stáitse le dúch corcra, agus burla duilleog a bhí ceangailte le chéile le biorán práis. Scríobhtaí abairt sna duilleoga seo ó am go chéile agus, ar uair íorónta amháin, greamaíodh ceannteideal fhógra Bile Beans[2] ar an chéad-bhileog. Scaoiltí cumhra lag nuair a osclaítí chlár na deisce - cumhra pheann luaidhe céadair nó bhuidéal guma nó úill ró-aibí a fágadh ann trí dhearmad.

Bhí an ghráin ag Mr Duffy ar rud ar bith a chuir máchail coirp ná inchinne in iúil. Déarfadh lia meánaoiseach faoi go raibh sé saturnine.[3] Léirigh a aghaidh a haois. B’aghaidh í a raibh lí donn sráideanna Átha Cliath uirthi. Ar a cheann fada agus sách mór bhí gruaig dhonn thur, agus croiméal ciarbhuí, níor chlúdaigh sé a bhéal mígheanúil go hiomlán. Thug cnámha a ghrua cuma chadránta ar a dhreach; ach ní raibh cadrántacht sna súile. An dealramh a chuireadar siúd air agus iad ag amharc amach faoina malaí ciarbhuí, fear a bhí ag lorg maitheasa ar bith i nádúr daoine eile ach a raibh díomá air go minic. Chaith sé a shaol mar a bheadh sé ar foluain achar gairid amach óna chorp féin, ag faire go hamhrasach i ndiaidh a leicinn ar a iompar féin. Bhí nós corr dírbheatháisnéiseach aige abairtí geara faoi féin a chumadh dhó féin sa tríú pearsa

  1. Dráma Gearmánach (1900) le Gerhart Hauptmann. Mac an phríomhcharachtair, cuireann sé lámh ina bhás féin. Tugann a athair faoi deara gur theip sé ar a mhac agus nár thug dóthain grá dhó.
  2. cógas leighis a bhíodh an-díol air. Tháinig sé i bhfios an phobail ó 1903 i leith go raibh rath an táirge bunaithe ar bhréag: bhí sé déanta as ábhair a bhí le fáil go coitianta i gcógaslanna ag an am, agus ní as planda nárbh eolas ag duine ar bith eile ach bundúchasaigh na hAstráile air, agus a d’aimsigh poitigéir bréagach darb ainm Charles Ford, mar a mhaígh an comhlacht. In ainneoin na conspóide sin, lean rath an chomhlachta go lár na mblianta 1980, a bhuíochas gan dabht le feachtas láidir fógraíochta sna páipéir nuachta (w:en:Bile Beans).
  3. dúnárasach, fuarchúiseach, gruama. Ceann de lionnta na fola, bunaithe ar an phláinéad Satairn (wikt:en:saturnine).