Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/108

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Níor fhéad sé rud ar bith a dhéanamh. Chuaigh caoineadh cráite an linbh go tiompán a chluaise. Ba chath caillte é, caillte! Bhí sé ina chime ar feadh a shaoil. Crithid a lámha le teann feirge go gcromann sé os cionn dreach an linbh a bhéiceadh:

“Stop!”

Stopann an páiste ar feadh nóiméid, glacann scaoll é go dtosaíonn sé ag scréachadh. Léimeann seisean aníos óna chathaoir a shiúl suas agus anuas an seomra leis an pháiste ina bhaclainn aige. Tosaíonn sé ag snagaireacht go truacánta, ag cailleadh a anála ar feadh ceithre nó cúig soicind, agus go bpléascann amach ag gol arís. Baineann an torann macalla as na ballaí tanaí. Triaileann seisean cur suaimhnis ann ach is amhlaidh go ngéarann a arraingeacha caointe. Amharcann sé ar aghaidh chraptha chreathach an linbh agus scanraíonn. Ríomhann sé seacht ngol gan stad eatarthu agus fáisceann an leanbh lena ucht go heaglach. Dá bhfaigheadh sé bás!...

Osclaíonn an doras de phlimp agus ritheann bean óg isteach agus saothar anála uirthi.

“Céard a tharla? Céard a tharla?” a screadann sí.

Buaileann taom goil an leanbh ar chloisteáil ghuth a mháthar dó.

“Ní dada é, Annie... dada... thosaigh sé ag gol... ”

Caitheann sí a beartáin ar an talamh do sciobadh an pháiste uaidh.

“Céard a rinnis air?” a scread sí agus í cur na súl tríd go feargach.

Breathnaíonn Little Chandler díreach san aghaidh uirthise ar feadh scaithimh big nó