Leabhar na Polainne/7

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar na Polainne by Adam Mickiewicz
LIODÁN NA nOILITHREACH
[ 95 ]
LIODAN NA nOILITHREACH

A Thiarna, dein trócaire orainn; a Chríost, dein trócaire orainn.

Ar nAthir, a fhuascail do phobal a’ daorbhroid na hEigipte agus do sheol thamais isteach sa Tír Bheannuithe iad,

Beir tharnais chun ár dtíre sinn.

A Mhic Dé, a Shlánathoir, a céasadh agus a tarnáladh ar chrois, agus d’éirig ó mharbhaíbh agus atá ag rialú i nglóire,

Tóg ár n-athardha ó mharbhaíbh.

A Mháthir Dé, ar a dtugadh ár sinsear Banríoghain na Polainne agus na Lituáine,

Saor an Pholann agus an Lituáin.

A Naomh Stanaslás, a phatrúin na Polainne,

Guidh orainn.

A Naomh Casimir, a phatrúin na Lituáine,

Guidh orainn.

A Naomh Seosaphat, a phatrúin na Rúisianach,

Guidh orainn.

A chosnamhuithe naofa uile ár Républic,

Guídhidh orainn.

A’ daorbhroid na Moscobhiteach agus na nAustrianach agus na bPrúisíneach,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son martra an deich fichead míle laoch do thuit ag Bar thar ceann creidimh agus ar son saoirse,

Fuascail sinn, a Thiarna. [ 96 ] Ar son martra an fiche míle duine de chathir Phrága a dúnmharbhaigheadh thar ceann creidimh agus ar son saoirse,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son martra na Lituáineach n-óg- do marbhaigheadh le bataibh insna mianaig agus i dtíorthibh iasachta,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son martra na nOsmianach do básuigheadh insna teampaill agus insna tithe,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son martra na saighdiúirí gur ghearradar na Prúisínig a scórnacha ag Fischau,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son martra na saighdiúirí a sciúrsáladar na Moscobhítig chun báis i gCronstadt,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son fola na saighdiúirí uile do thuit sa chogadh thar ceann creidimh agus ar son saoirse,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son créachta agus deora agus pianta na bprísúnach agus na ndíbearthach agnis na n-oilithreach go léir ón bPolainn,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Cogadh mór thar ceann saoirse na gcineacha,

Iarraimid ort, a Thiarna.

Airm do chur in ar lámhaibh agus ár mbratach do thógaint anáirde,

Iarraimid ort, a Thiarna.

Bás glórmhar ar láthir an chatha,

Iarraimid ort, a Thiarna.

Uaig dar gcnámhaibh i dtir ar n-athardha,

Iarraimid ort, a Thiarna. [ 97 ] An Phollann do bheith gan roinn agus nea-spleáchas agus saoirse bheith aicí,

Iarraimíd ort, a Thiarna.

In ainm an Athar agois an Mhic agus an Spioraid Naoimh, Amen.