An t-Oileánach/4

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Scolaidheacht agus fánaidheacht
[ 41 ]

IV
SCOLAIDHEACHT AGUS FÁNAIDHEACHT

An mhuinntir bhéal-dorais, múinteóir nua chughainn, na portáin, cigire na súl.


Ní raibh idir sinn féin agus an tigh béal-dorais ach an buaile, gan ar aon tigh aca ach aon doras amháin, buaile thíos aca san agus buaile thuas againn-ne, aghaidh an dá dhorais ar a chéile. Dá bur mhaith leis an gcailligh é do loiscfeadh sí mo mháthair i mbéal a dorais féin leis an uisce te gan a doras féin d’fhághaint agus do dhéanfadh mo mháthair léi-se an rud céadna. Is minic adubhairt mo mháthair liom-sa fanúint glan de’n mnaoi liath mar ná raibh aon deagh-mhianach innti agus gurbh’ í féin a bhí ag ceannach na síochána uaithe—rud dob’ fhíor di. Bhí croidhe fial aici, áfach.

Sí mo mháthair a dheineadh gach ní dhi mar ná raibh aon tslacht innti féin agus dar ndóigh ní lugha a bhí ná insa bhfear a bhí aici chun gnótha. Is é m’athair d’ fháisceadh gach uile ní dho—an ramhan, an ughaim, an díon ar an dtigh. N’fheaca riamh fear ba dhaille ar ghnó ná é, ach duine lághach ceart é.

Tomás Maol a tugtí air mar ná raibh oiread cnaipe de dhá chluais air. Ach do bhí meabhair na seacht bhfáidh ’n‑a cheann, insa tslí dá mbeadh tabhairt suas air go mbeadh an chraobh i nÉirinn go rábhach aige. Is minic a chuireadh mo mháthair mise go dtí é féachaint cathain a bheadh an lá saoire seo agus an lá saoire úd ann agus má mbíodh aon tsórt ’á ithe aca thagadh beirt idir me agus an doras chun go gcaithinn [ 42 ]é ghlacadh. Ní raibh bothán bocht riamh dob’ fhéile ná é, agus ó thárla go bhfuil a raibh lem’ linn-se ann ar shlua na marbh agus mise beo, go dtugaidh Dia áit is fearr dóibh ná an bothán bocht dealbh úd.

Mac agus inghean do bhí aca. N’fheadar-sa an raibh a thuille riamh ann. Glibire beag ar nós a máthar dob’ eadh an inghean agus lúmaire beag gan anam dob’ eadh an mac agus, ar nós an athar, gan aon chlisteacht ann. Níor réidhtigh an fhairrge riamh leis. Ní tapúla do bheadh sé insa bhád ná bheadh an tonn-taoscach air. D’fhág san é gan aon tseilg a thabhairt riamh ó’n bhfairrge leis agus do bhíodh sé ’n‑a bhuachaill aimsire go minic.

Ní raibh aon duine óg ná aosta san oileán so agus isna paróistí amuich comh maith ná go raibh ’fhios age Tomás Maol cad dob’ aois do—an lá, an bhliain, agus an uair a chluig. Deireadh na daoine ná raibh a leithéid de shíofaróir insa cheanntar agus gan Á ná B aige i n‑aon teangain. Is minic adeireadh sé liom-sa go raibh bulóga na Nodlag beirbhithe an t‑am go rabhas féin ann, gurbh’ é Lá Shan Tomáis, a thagann trí lá roimh Nodlaig, a fuair mo mháthair ar an dTráigh Bháin me. “Ach an mó bliain anois é?” adeireadh an bhean liath leis. Is air ná bíodh an teip. “Cheithre bliana déag na Nodlag so chughainn,” adeireadh sé.

As san amach do bhíodh an chailleach ana-bhladartha liom mar do dhein mo thigh féin teachtaire idir an dá thigh díom. Is mó go mór a thugainn as mo thigh féin liom ná thugainn ann. Ní ’á mhaoidheamh san atáim. B’fhéidir nár mhó dá mbeadh an raghairse insa tigh eile.


Lá Domhnaigh is cuimhin liom, gach giarsach agus teallaire garsúin ag tabhairt a n‑aghaidh fé’n dTráigh Bháin, camán age gach nduine, prátaí agus ní arán a bhíodh ithte age gach n‑aon. An uair a fuaireas ullamh me féin, mo bhalcaisí fáiscithe suas orm, bríste nua glan de ghlas na caorach, mo chaipín póilín agus an dá bhais air, mo cheann sáidhte síos i [ 43 ]méis uisce agam agus m’aghaidh go glan scriosta. Ní h‑í mo mháthair a bhíodh á dhéanamh san uair seo mar bhíos im’ chleithire fir, a mhic ó!

B’eo liom fé’n dtráigh agus mo chamán agam—sámhthach aitinn go raibh cor cam ann. Do bhí Nóra agus Eibhlín i n‑éineacht liom agus níor stadamair de’n raibh nó go rabhamair istigh i gcorp na tiomána agus gan bhróg gan stoca ar chois aon duine d’á raibh ar an dtráigh. Ní bheireadh aon lá cruaidh ar na h‑ógaibh ach an lá so an bháire gach Domhnach.

Do chonnaic duine éigin bád ag teacht ó Dhúnchaoin fé lán tseol ach nuair a bhí sí ag déanamh ar an gcalath d’fhág gach nduine againn an tráigh agus chuamair fé dhéin an bháid. Do bhí bean ’n‑a deire, maighistreás nua, drifiúr de’n chéad cheann, Cáit Ní Dhonnchadha—cailín breagh dathúil.

Scoil Dia Luain gan amhras agus b’eo le gach nduine ’na phost féin. Ar mh’fhallaing gur bhain an Rí amach a áit féin i n‑aice liom.

Ós deich mbliana bhíos ag dul ar scoil an chéad lá dom (1866) d’fhág san an t‑am so mise cheithre bliana déag d’aois, sé sin an bhliain 1870. Do bhí leabhair bheaga nua aici seo ’á thabhairt amach. Do bhí an clár dubh go gnóthach aici agus thagadh dhá shúil mhóra dhi mar is beag a chuireadh sí ar an gclár ná go ndeineadh duine éigin é réidhteach agus b’éigean di é neartú.

Do bhí ana-dhúil ag ógaibh an oileáin seo san obair nua so agus ó’n uair go raibh do bhí mianach fé leith ionnta chun foghluma. Cuid againn agus mianach Rí ann, mianach na mara agus na fairrge móire ionnta uile. An sioladh gaoithe a ghluaisíodh ó bhruachaibh na mara ag bualadh ins na cluasa gach maidean ortha ag glanadh na h‑incheann agus na smúite as a bplaosc.

Cé go raibh adhbhar an Rí i n‑aice liom-sa agus ná cuirfeadh úird mhuilinn an iarainn óm’ threo é, pé ceann a thóg sé dhíom, ní chun cinn a bhí sé am’ chur mar bhíodh súil thall agus i bhfus aige agus é go mí-shuaineasach. Sin é locht is mó a [ 44 ]bhíodh agam air mar do chuireadh sé amú me go minic an uair is fearr a bhínn i dtosach mo dhreise. Do bhíomair ag déanamh go maith; ach níor mhiste-de linn an Satharn i gcomhnaidhe a bheith i n‑aice linn chun a bheith ag ramsáil dúinn féinn pé áit gur mhaith linn é.


Is maith is cuimhin liom Satharn aca tar éis Lae ’le Pádraig. Bliain bhreagh chiúin dob’ eadh í agus do bhí iasc tearc sa bhaile an t‑am sin. Do bhuail m’athair an doras isteach, é tagaithe ó’n ngort agus gan biadh ná beatha roimis.

“Cad a thug a bhaile thu?” arsa mo mháthair leis.

“Tá an lá ana-bhreagh, ana-chiúin,” ar seisean. “Dá mbuailfeadh aon phortán liom b’fhéidir go marbhochainn stropa ballach,” ar seisean agus do bhuail amach aríst.

Cad deire liom féin ná gur lean é agus nuair a chonnaic sé ’n‑a dhiaidh me—

“Cá raghair-se?” ar seisean liom-sa.

“Bead i n‑éineacht leat-sa. Coimeádfad má bhíonn aon phortán agat,” arsa mise.

Soir ó chalath na mbád do ghaibh sé. Do chuaidh sé amach ar oileán do bhí ann. B’éigean do dul ’on tsnámh. Do chuir a cheann síos fé uisce agus thug aníos dhá phortán as aon chumar amháin agus thug leis iad mar a rabhas-sa im’ stad, thug dom le coimeád iad—collach agus fuaisceán. Sin é an ainm a bhíonn ortha so a bhíonn i n‑aon chumar amháin.

Collach an ceann fireann agus ní fada a bhí sé im’ sheilbh an t‑am gur leath a chrúb ó chéile agus le linn iad d’iadhamh do ghreamuigh sé ar órdóig me agus ar an méir ba ghiorra dhi agus n’ fhéadfainn hobadh ná hé a bhaint as. B’eo gach aon scread agam ar uathbhás agus do chualaidh m’athair de gheit me agus tháinig de sciúird reatha mar a rabhas mar d’aithin sé go maith bun an ochláin a bhí agam-sa. Do bhí crúb an chollaigh chomh fáiscithe sin ionnam gurbh’ éigean dom’ athair í bhaint de’n phortán agus tar éis sin féin a dhéanamh n’fhéad sé an crúb a bhogadh gan í bhriseadh le cloich.

[ 45 ]Seadh, do bhí mo dhá mhéir as úsáid agus mar bharr ar an aindeise dob’ í an lámh dheas í. Do bhí mo chuid fola ar na bánta agus na méireanna chomh dubh le gual ach bhí m’athair sásta ó’n uair nár chuireas aon laige dhíom, cé gur chuas ana-ghairid do. Níonáil a bhí le n‑a hata a chas sé ar mo mhéireanna. Do cheap sé go mbeadh mo mháthair mí-chéadfhach leis i dtaobh me leigeant le n‑a chois, ach ní raibh. Do ghoill sé go maith ar na driféaracha nuair a chonnacadar an cló bhí orm tar éis an lae. Do chuir mo mháthair síos go hobann i n‑uisce bhog mo lámh agus do nigh go slachtmhar í. Do chuaidh san go h‑ana-mhaith dhi. Fuair sí plástra agus d’fháisc sí suas í. Do ghlan an gomh go léir leis do bhí innti.

Do bhíos ag seinm Dhomhnaill na Gréine láithreach. Tháinig an bhean liath, leis, ar mo thuairisc. Má bhí sí suainseánach féin níor mhaith léi gan méireanna me. Gheobhaidh sí a ceart féin uaim ó’n uair nách féidir liom mo bheatha féin a chraobhscaoileadh gan í tharrac chugham go mion, minic mar nárbh fhéidir liom amharc na spéarach d’fheiscint aon mhaidean san mbliain gan a pictiúir a bheith le fagháil agam.

Cheithre portáin do bhí age m’athair. Do bhuail chuige i mála iad agus do bhuail an cnoc amach. Chuaidh sé tamall siar sa chnoc ag baint na ndóightheanna is fearr amach, thug taoide de’n lá amuich, agus breis, agus ní folamh a tháinig sé. Do bhí lán an mhála de bhallacha móra breaca aige agus an uair do scaoil mo mháthair amach as iad do bhí colais ann. Rug sí ar cheann mór do bhí ortha agus do chas orm féin leis.

“Seo, ’Thomáis, a bhuachaill, tabhair é seo go dtí an mnaoi liath leat.”

Níor thugas an t‑eiteach dom’ mháthair siúd is go mbuailfeadh an leisce féin me—rud nár bhuail. B’eo liom amach agus an ballach agam agus do shíneas chun na caillighe í. Do leath a súile uirthi cá bhfuaireas é mar ná raibh ’fhios aici fós go raibh faic age m’athair. Níor dhuine me nár thaithin an uair sin léi pé uair eile ná bímís geal d’á chéile. Do [ 46 ]chrom sí ar bheith chomh tláth sin liom gur dhóigh leat uirthi gur me Dia beag aici.

Do bhí Tomás Maol istigh, fear a’ tighe; do bhí an inghean istigh agus an mac. Iad tar éis bídh do bheith caithte aca. Biadh an tráthnóna do bhíodh mar ainm ar an mbiadh sin agus biadh na maidine ar an mbiadh ar maidin, mar ná bíodh ar siubhal san am san ach dhá bhiadh sa ló.

“A’ bhfuil aon rud agat le tabhairt do?” arsa Tomás Maol.

“Níl ach rudaí atá aige féin cheana,” ar sise, “ach tabharfad an inghean do an uair a bheidh sé cúpla bliain eile!”

Cé ná féadfadh sí aon tseoid eile do bhronnadh orm i gcionn dhá bhlian ba luachmhaire ná an ní d’fhág a creatlach féin is amhlaidh a thuigeas-sa láithreach gur mhó de dhochar a dhéanfadh a tairiscint sin dom ná de mhaitheas. Do chuir an ballach breac agus cómhrádh na caillighe go h‑umar na h‑aimléise me. Níorbh’ iongnadh agus an gheallúint a bhí tugtha aici dhom an uair a bheadh an dá bhliain caithte.


Thug an mhaighistreás nua so trí bliana eile ’nár measc nó gur imigh galar a driféar uirthi—sé sin glaodh chun pósta uirthi. Ó cheanntar an Daingin dob’ eadh a muinntir. Buachaill ó’n mbaile mór do phós í, fear deas i bpearsain is i méinn.

Ceann de sna laetheannta agus sinn ar scoil do ghluais an bád ó Dhúnchaoin. Do bhí faire amuich ar gach bád a thagadh isteach mar do bhí droch-dhaoine ag gluaiseacht go tiugh an uair úd, tiománaithe agus báilí chun pé rud do bheadh le fagháil aca a thógaint uait agus leigean duit féin bás de’n ocras d’fhagháil.

Ach ní h‑aenne ’ca súd do bhí insa bhád an lá san ach cigire na scoile. Ar chloisint sin dúinn ní rabhamair istigh linn féin. Do bhíodh teallaire ag dul go dtí an doras de shíor féachaint cathain a bheadh sé le feiscint. Stonaire maith [ 47 ]cailín do chonnaic ar dtúis é. Do phreab sí ó’n ndoras agus scéan buile ’n‑a súile. Níorbh’ fhada gur bhuail sé isteach thríd an dtigh.

Do bhí duine i bhfus agus duine thall agus bas ar a mbéal aca agus na cailíní ba mhó do leig duine aca gáire agus níor ró fhada gur fhreagair duine eile í. Do bhí an cigire agus a cheann sa spéir aige, ag féachaint ar an bhfalla, ag féachaint ’sna frathacha agus ag féachaint ar na scoláirí tamall eile.

“A Mhuire!” arsan Rí i gcogar liom-sa “tá cheithre súile air.”

“Tá, agus solus d’á réir ionnta,” arsa mise leis.

“N’fheaca riamh roime seo a leithéid do dhuine,” ar seisean.

Aon uair a chasadh sé an ceann do bhíodh scáil ’n‑a shúile. Fé dheire do phléasc a raibh istigh ar gháiridhe—an chuid mhór go léir agus an chuid bheag ag scréachaigh le h‑eagla. Is beag nár thuit an mhaighistreás le náire agus tháinig ana-bhuile ar an gcigire.

“Déanfaidh sé lá murdail,” arsan Rí aríst ana-íseal liom féin, “nó n’fheadar an bhfeacaidh aon duine riamh aon duine eile go raibh cheithre súile ann,” ar seisean.

B’é siúd an chéad duine riamh a chonnaic na h‑óga go raibh spéaclaí air.

Thug an cigire greadadh maith cainnte do’n mhaighistreás—allagar nár thuigeas-sa ná aenne ar scoil agus as an ngreadadh cainnte sin do do láimhsigh a mhála bóthair agus do bhuail an doras amach agus do chuaidh ar bórd an bháid do bhí ag braith leis agus níor tháinig ’on Bhlascaod riamh ó shin.

D’fhág an fear buile seo an scoil amach mar ghaibh sé isteach gan ceist a chur ar leanbh ná ar pháiste agus mo gheall leat, a léightheóir, gurb’ in scéal ná fuairis le léigheamh riamh roimis seo ná b’fhéidir faid is beo dhuit ach oiread. Do chuir an mhaighistreás bhocht fanntais di tar éis é dh’imeacht. B’éigean domh-sa dul ag triall ar chupa fíor-uisce dhi. Eibhlín a chuir ann me insa tigh ba ghiorra dhom.

[ 48 ]Do bhí cead cainnte againn faid a bhí an t‑oide lag.

“B’fhearra dhúinn rith abhaile,” arsan Rí liom-sa, “faid a bheidh sí tréith mar beam marbh aici siúrálta an uair a thiocfaidh sí chúichi féin.”

“Dhera, nách olc an saighdiúir i gcumas do chnámh thu, agus nách ort atá an t‑eagla?” arsa mise; “fan fada, beidh dlí na coda eile againn.”

Tuairim leath-uair mar sin agus bhí sí dulta i bhfeabhas. Do cheap gach nduine againn go mbeadh sí ag gabháil orainn faid a bheadh aon teas ’nár gcroiceann ach ní mar síltear a bítear go minic agus dob’ amhlaidh an uair seo leis é. Níor bhuail buille ná níor labhair searbh chun aenne bhí istigh. Níor dheacair di galar duine nó beirte do leigheas ach ó’n uair gur bhuail sé sinn go léir do chaith sí ciall linn, rud ná beadh ’n‑a cumas mara mbeadh go raibh an chiall aici. Do leig sí abhaile de gheit sinn agus gádh aici féin leis an dtigh a bhaint amach comh maith le cách.

Do chuir an Rí suim isna cheithre súile do bheith i gceann aon duine comh mór le h‑aon duine eile bhí ar scoil cé ná dubhairt sé riamh gurbh’ ó Ifreann a ghluais sé fé mar deireadh a thuille aca.

Timcheall cúpla mí ’n‑a dhiaidh sin do ghluais cigire eile, fear feosaidhe lom buidhe, ach ní raibh ’n‑a cheann ach dhá shúil. Do luigh sé chun oibre agus do cheistigh gach nduine go faobharúil, dubh. Ochtar againn a bhí im’ rang-sa. Do bhí duine nó dhó orainn do bhí go mór árd os ár gcionn go léir. Cé go raibh ceann breagh maisiúil ar gach duine aca súd, agus gur cheap an cigire gur ann istigh a bhí réidhteach gach ceiste le fagháil ní h‑amhlaidh a bhí mar do dhein na plaoisc bheaga raic díobh. Do bhí an cigire go geal-gháiriteach le linn imeacht do. Thug sé scilling do’n té ab’ fhearr is gach rang agus ar shíneadh na scillinge ’nár rang-ne ní h‑aenne de’n dream mór do fuair í ach me féin. Buidheach go maith do bhí m’athair an uair a shíneas chuige í. Do bhí píosa maith tobac ’e bharr an chigire aige cé nách ’á bharr san ar fad é mar dá dteipfinn-se insa rang do bheadh sé ’á cheal.