Page:An t-oileanach.djvu/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
48
AN t‑OILEÁNACH

Do bhí cead cainnte againn faid a bhí an t‑oide lag.

“B’fhearra dhúinn rith abhaile,” arsan Rí liom-sa, “faid a bheidh sí tréith mar beam marbh aici siúrálta an uair a thiocfaidh sí chúichi féin.”

“Dhera, nách olc an saighdiúir i gcumas do chnámh thu, agus nách ort atá an t‑eagla?” arsa mise; “fan fada, beidh dlí na coda eile againn.”

Tuairim leath-uair mar sin agus bhí sí dulta i bhfeabhas. Do cheap gach nduine againn go mbeadh sí ag gabháil orainn faid a bheadh aon teas ’nár gcroiceann ach ní mar síltear a bítear go minic agus dob’ amhlaidh an uair seo leis é. Níor bhuail buille ná níor labhair searbh chun aenne bhí istigh. Níor dheacair di galar duine nó beirte do leigheas ach ó’n uair gur bhuail sé sinn go léir do chaith sí ciall linn, rud ná beadh ’n‑a cumas mara mbeadh go raibh an chiall aici. Do leig sí abhaile de gheit sinn agus gádh aici féin leis an dtigh a bhaint amach comh maith le cách.

Do chuir an Rí suim isna cheithre súile do bheith i gceann aon duine comh mór le h‑aon duine eile bhí ar scoil cé ná dubhairt sé riamh gurbh’ ó Ifreann a ghluais sé fé mar deireadh a thuille aca.

Timcheall cúpla mí ’n‑a dhiaidh sin do ghluais cigire eile, fear feosaidhe lom buidhe, ach ní raibh ’n‑a cheann ach dhá shúil. Do luigh sé chun oibre agus do cheistigh gach nduine go faobharúil, dubh. Ochtar againn a bhí im’ rang-sa. Do bhí duine nó dhó orainn do bhí go mór árd os ár gcionn go léir. Cé go raibh ceann breagh maisiúil ar gach duine aca súd, agus gur cheap an cigire gur ann istigh a bhí réidhteach gach ceiste le fagháil ní h‑amhlaidh a bhí mar do dhein na plaoisc bheaga raic díobh. Do bhí an cigire go geal-gháiriteach le linn imeacht do. Thug sé scilling do’n té ab’ fhearr is gach rang agus ar shíneadh na scillinge ’nár rang-ne ní h‑aenne de’n dream mór do fuair í ach me féin. Buidheach go maith do bhí m’athair an uair a shíneas chuige í. Do bhí píosa maith tobac ’e bharr an chigire aige cé nách ’á bharr san ar fad é mar dá dteipfinn-se insa rang do bheadh sé ’á cheal.