Áindrías an Ime

From Wikisource
Jump to: navigation, search
Téacsanna ó na Gleannta (1906) 
Áindrías an Ime
[ 197 ]
Áindrías an Ime.


Bhí Áindrías an Ime na chomhnaidhe i mBaile ui Mún i nGleann an Bhaile Dhuibh. Bu leis Baile ui Mún, áit fiche bó ⁊ tarbh leobhtha. Ghlac an Seónstanach Mór é air scór ceithre chroc dhéag ime do dheánadh air fhichid bó an tSeónstanaigh. Seachtmhain roimhe Shamhain chuaidh an Seónstanach siar ⁊ seacht ngearráin ⁊ péire cliabh air ghach gearrán fá choinne a chuid ime. D’fhiafraigh bean Áindriáis Mhóir de Áindrías, go dé gheánfaidh mé? Tá an t-im ithte agad. D’fhiafraigh Áindrías, bhfuil oiread ime agad a’s gheánfadh sinn aniu? ⁊ dubhairt sise, tá. Nuair d’ith siad a sáith, dubhairt an Seónstanach, a Áindriáis, is cóir duid an solathar do thabhairt domh, ⁊ dubhairt Áindrías, ní’l solathar air bith agam. D’ith mé é uilig. Dubhairt an Seónstanach, a Áindriáis, cuirfidh mé ’un an phríosúin thú. ⁊ dubhairt Áindrías, na cuir, acht cuir chugam na fiche bó bliadhain eile ⁊ bhéarfaidh mé mionna nach n-ithim aon ghreim ime go ceann bliadhna. Rinne siad an margadh. Thoisigh Áindrías ⁊ a bhean ag sábháil an ime. Bhí deich mba(th) aig [ 199 ] Áindrías é fhéin ⁊ shábháil sé an t-im uilig go deárn sé ocht gcroc ⁊ fiche air shon an dá bhliadhan. Thainic an Seónstanach an tseachtmhain roimhe Shamhain ⁊ ceithre gearráin déag leis, péire cliabh air ghach gearrán. Thug sé leis a chuid ime. Ní bhéidh luach píngne de roinn agam leat, arsa Áindrías. Tá mé ar tógáil gan aon ghreim ime fhagháil le bliadhain. Cuirfidh mé stoc bolog chugad air an bhliadhain seo chugainn. Maith go leór. Rinneadh an margadh. Thainic an t-eallach scór go leith. Chaith an t-eallach a n-am annsin go dtí an foghmhar. Thug an Seónstanach leis iad go h-aonach an fhoghmhair Bhealach Seanaidh é fhéin ⁊ Áindrías leis. Dhíol sé an t-eallach le Connachtach ⁊ dubhairt an Connachtach: is mor an náire nach bhfuil eallach níos fearr agaibh ná tá. Acht ní’l áit an bhídh ann bhur gcuid eallaigh na ann bhur ndaoiní. Dubhairt an Seónstanach go robh eallach agus daoiní ocú co maith ⁊ bhí i gConnachta agus a ghlacadh a mbiadh co maith fosta. Phléideáil an Seónstanach ⁊ an Connachtach air feadh tamaill agus chuir siad geall thrí leath-ghuinea cia ocú buachaill an Chonnachtaigh no buachaill an Seónstanaigh is mó d’íosadh de im. H-innsigheadh an scéal do Áindrías agus do bhuachaill an Chonnachtaigh ⁊ dubhairt an bheirt gur mhaith mar tharlaidh, go robh a sáith ocrais orrthú. Chuaidh siad isteach i dteach an ósta. Fiafruigheadh díobhtha go dé d’iosadh siad le n-a gcuid ime. Dubhairt an bheirt: Arán min choirce agus préataí. Fuaras sin dóbhtha. Fiafraigheadh díobhtha go dé an mhéid ime. Dubhairt Áindrías ceathramhadh cloiche. Níor bhfhada go robh sin críochnaighthe. Ghair Áindrías ceathramhadh cloiche eile do gach aon ocú. Nuair a thainic an t-im, bhuail Áindrías dorn air an bhórd ⁊ dubhairt nach robh ceart dha dheánamh le ceachtar ocú. Gur cheart dóbhtha deoch fhagháil. Fiafraigheadh go dé an deoch ⁊ dubhairt sé: Deoch ime. Go dé an mhéid ime? Léighigidh ceathramhadh cloiche an fear dúinn. Thainic sé léighte ⁊ ann dhá bpigín. D’ól Áindrías deoch ⁊ d’iarr sé na préataí ⁊ an t-arán do thabhairt leóbhtha as an chasán, go bhfaghadh sé a chuid do dheánamh. Rug sé air fhód de’n im ann a dhorn. Chuir sé ann a bhéil é. Bhain sé greim mór as. D’ól sé bolgam as an phigín. Dhóirt cuid de’n im anuas fríd an fhéasóig mhóir. As ocht Dé, a mháighistir! féach anonn air. Ní fhéadaim do bhéith beó ag amharc air an bheathach shalach. Díol an geall ⁊ an tráth rachaidh muid abhaile íocfaidh mé fhéin a leath. Bhain Áindrías an geall acht d’fhág sé Áindrías an Ime mar ainm air go bhfhuair sé bás.