Page:Quiggin Dialect of Donegal 0203.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
203

D’fhiafraigh mé go dé bu chiall dó sin. Dubhairt an cócaire liom gur trí fathaigh a thainic annseo do iarraidh nighean an ríogh le pósadh air an fhear bu mhó ocú. No go scriosadh sé a rioghachta mur bhfaghadh sé í. Sin no fear a throidfeadh é. Chuir nighean an ríogh ar gcúl é go ceann bliadhna go bhfaghadh sí gaiscidheach a throidfeadh é. Nach bhfuil oidhche air bith nach leigeadh siad trí scairt le h-athas go robh siad oidhche eile níos neise do’n phósadh. Anois tá mé réidh. Ní’l imtheacht air an bhás agam. Tá mé i ngéibhionn. Rinne sé scairt air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Chonnaic sé Cú Beag na Garbhchoilleadh ag reathaidh annsair. D’innis dithe go dé mar bhí sé. Dona thú, arsí. Amhairc annseo ann m’ascaill dheis. Fuair sé grape an-bheag astigh ann a h-ascaill. Tabhair leat í-sin ⁊ tabhair gráinín de’n aoileach amach air an dorus léithe. Bí fhéin as an chasán. Rinne sé sin ⁊ thoisigh an t-aoileach ag eirigh i n-áirde ⁊ ag teacht amach co tiugh a’s bhí an dorus ábalta é do leigean amach. Níor bhfada go robh an bóitheach folamh. Tá do thasc deánta, arsa ’n cú. Féadann tú siubhal thart go dtí an oidhche. Féadann tú má’s é do thoil é siubhal go bhfeicidh tú na fathaigh. Chuaidh sé síos ’n an ghleanna. Air dhul síos dó chonnaic sé fear tárrnochttha crochta as crann. Gur b’é do bheatha, a Éamuinn Ui Ciórrthais! arsé. Is tú adhbhar an ghaiscidhigh is fearr anns an domhan. Buail buille de do chlaidhimh air an ghad seo. Tá mo chúig caoil anns an aon cheangal. Agus leig mise anuas. Ní bhuailfidh mé buille. Ce b’air bith ar chuir suas thú, leigeadh sé anuas thú. Shiubhail leis ’un an ghleanna ⁊ níor bhfada dhó go bhfaca sé an faitheach (fathach) ag tairngt air. Rinne sé gaire mór. Go dé adhbhar do gháire? arsa Éamonn. Tá, go bhfuil d’oiread-sa do fheóil úr agam le h-ithe aniu. Is mór liom ann aon ghreim thú. Is beag liom ann dhá ghreim thú, ars’ an faitheach. Ní’l eagla orm, ars’ Éamonn. Deán do dhithcheall. Thoisigh an troid. Throid siad go dtí trathnóna go mall agus bhí cumadh air an fhaitheach go mbéidheadh sé ro-ábalta aig Éamonn. Smaoitigh sé gur dhona an rud é an faitheach é do mharbhadh. Thug sé léim i n-áirde. Bhuail sé i gcomhrac a chinn ⁊ a mhuineáil é. Chaith sé an ceann de go glan. Thug é-fhéin léim eadar an ceann ⁊ an cholann. Níor bhac díod, ars’ an teangaidh a bhí sa cheann, dha bhfaghainn-se air an cholainn arís, thusa ⁊ fir an domhain (fir fagháil), ní bhainfeadh de mé. D’fhan sé annsin gur fhuaraigh an ceann ⁊ an cholann. Thainic abhaile. Labhair an Crochaire Tárrnochttha: A Éamuinn Ui Ciórrthais, a dheagh-ghaiscidhigh, mharbhuigh tú