Page:Quiggin Dialect of Donegal 0233.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
233

fhuireach annseo go bhfeicidh sibh go dé tá da ndeánadh seo beó arís. Ó ní’l aon dhuine dar fhan nach robh marbh lá air n-a bhárach. Ní imtheachaidh mise, arsa Céadach, go bhfeicidh mé go dé nídheas beó iad. Chuaidh clann an ríogh ’un an bhaile ⁊ d’fhan Céadach. Níor bhfada dó go bhfacaidh sé faitheach ag teacht aníos ó bhruach na fairge poitín ⁊ cleitín leis. Chuir sé an cleitín anns an phoitín. Annsin chuir sé i mbéal fir é ⁊ léim naoi naonbhair ocú na seasadh. Na deán níos mó de sin, arsa Céadach. Thug sé ruathar air na naoi naonbhair. Bhain na cinn díobhtha. Ó tharlaidh gur troid atá de dhíth ort, arsa ’n faitheach, gheóbh tú do sháith de. Thúsaigh sé fhéin ⁊ an faitheach air a chéile. Bhí sí ann a troid mhór. Fá dheireadh bhuail sé an faitheach ⁊ bhain a cheann de. D’fhan annsin air feadh tamaill. Thainic chuige aníos air bhruach na fairge an chailleach, poitín ⁊ cleitín léithe. Chuir an cleitín san phoitín ⁊ i mbéal an chéad fhir. D’éirigh naoi naonbhair na seasadh. Fóill ort a chailligh, arsé. Thug ruathar air na naoi naonbhair. Bhain na cinn díobhtha ⁊ thoisigh é fhéin ⁊ an chailleach do choscairt a chéile. Bu mheasa an chailleach air go mór ná’n faitheach. Bhuail buille air an chailligh ⁊ bhain a ceann dithe. D’fhan annsin taraall fada. Fá dheireadh chonnaic sé an cú glas ag teacht aníos o bhruach na fairge, poitín ann a béal ⁊ cleitín ann a crúb léithe. Chuir sí an cleitín anns an phoitín ⁊ i mbéal an chéad fhir. Léim naoi naonbhair ocú na seasadh. Stop, a bheathaigh ghránda, arsé. Thug ruathar air na naoi naonbhair ⁊ mharbh iad. Thúsaigh sé fhéin ⁊ an cú air a chéile, acht ní robh acht greann ann a ghraethe go dtí sin. Ní dheánfadh a chlaidhimh gearradh dá laghad air chraicionn an chú. Bhí eagla mhór air go muirfeadh an cú é. Chonnaic sé ball beag bán astuigh faoi n-a h-ascaill. Thug sé sáthadh da chlaidhimh air an bhall bhán ⁊ as sin trasna fríd n-a croidhe. Thuit an cú marbh. Bhí lúthgháir mhór air. D’fhan annsin go maidin ⁊ ní thainic níos mó. Smuainigh (smaoitigh) sé, ce b’air bith áit a dtainic siad as, go robh tilleadh uilc na ndiaidh. Chuaidh sé síos go bruach na fairge. Shiubhail sé síos aig bun an aillt. Fuair sé uaigh ag dul síos faoi an talamh. Chuaidh sé síos siar anns an uaigh. Chonnaic sé thiar an cat fada caol glas. A Chéadaigh ghránda, arsí, mharbhaigh tú mo thriúr chloinne. Mharbhaigh tú mo chuid fear, acht tá tú anois ann áit an iomorduighthe agam. A chait ghránda, arsé, an íde chéadna a fuair an chuid eile de do bhunadh, gheóbh tusa. Thoisigh é fhéin ⁊ an cat air a chéile. Acht ní robh acht greann anns an chuid eile go dtí sin. Ghlac sé ochtach.