User:Jimregan/Caoimhín Ó Cearnaigh/1
CAOIMHÍN Ó CEARNAIGH
CAIB. a I. — PORT DRAÍOCHTA I mBAILE ÁTHA CLIATH. D'éirigh Caoimhín Ó Cearnaigh as an mhúinteoireacht sa “Scoil Náisiúnta” i gCluaintobair sa bhliain 190—. Tháinig ionadh mór ar an mbainisteoir, ar an sean-oide, agus ar na daoine go léir mar gheall air sin. Tháinig uaigneas ar a gcroí leis ar a chloisteáil dóibh go raibh sé ar tí imeacht go Baile Átha Cliath, áit chomh fada i gcéin, dar leo, agus bhí Tír na nÓg. Cad a bhí air ar aon chor, de chionn a bheith ag imeacht agus é go sona, mar a raibh sé, ina bhaile dhúchais i measc a mhuintire féin? Dúirt sé leo gurbh amhlaidh do chuala sé port draíochta ar nós daoine sna seanscéalta agus gurbh éigean dó triall ina dhiaidh.
Bhí sé ina chúntóir sa scoil le breis agus dhá bhliain, agus de réir cosúlacht bhí gach rud ag éirí leis go geal. Ba ghnaoi leis an áit agus gach ar bhain léi. Agus ba mhór le rá iad siúd.
Tá Cluaintobair i bhfad ó bhaile agus ó shráidbhaile. Bhí tréithe agus nósanna na nGael le fáil inti an uair sin chomh bríomhar agus a bhíodar riamh, cé go raibh an tsean-shíbhialtacht ag dul in éag sa tír thart timpeall. Bhí seanchaithe inti go raibh ní ba mhó eolais acu ar Fhionn agus ar an nGobán Saor ná ar fheisirí agus polaitíocht. Bhí seanscéalta, seanfhilíocht, sean-phaidreacha, agus seanráite go flúirseach inti. Bhíodh an “chuairdidheacht” ar siúl istoíche. Bhí corrdhuine in ann amhráin do chumadh. Chuir na seandaoine suim ina lán míorúilte agus a lán piseoga. Bhíodar cinnte glan go bhfacadar taibhsí go minic, agus chreid a lán, idir óg agus sean, go raibh na Daoine Maithe ina gcónaí sa lios, mar a bhíodar leis na cianta. Bhí sár-mheas ag na daoine — na seandaoine go háirithe — ar leabhair agus ar léann Shíleadar go raibh Caoimhín Óg an-léannta. Bhí dúil mhór aige i léann ó bhí sé ina pháiste. Do mhúin an sean-oide a chuid Laidine, a chuid Gréigise, agus saghas Fraincise dó, chomh maith lena lán nithe eile nár thuig na seandaoine a mbrí ar chor ar bith. Leabhair nár chualadar trácht ortha riamh bhíodar léite aige. Fuair sé leabhar nua gach seachtain, nach mór, ó Bhaile Átha Cliath nó áit éigin eile. Cheapadar go mbeadh sé ina chigire lá éigin. Ach — d'éirigh sé as an mhúinteoireacht.