ṫaḃairt daoiḃ féin air. Níor cuireaḋ suim im’ ċaint. Déanfaiḋ sé tuille díoġḃála mara ndéantar aireaċas maiṫ.
M.—Níor ḋein sé an gníoṁ san gan buiḋean ina ḟoċair, má ’s é ḋein an gníoṁ i n‑aon ċor. Is olc an ṁaise ag na heaċlaċa a ċuaiḋ amaċ uaim-se é, an fear san agus a ḃuiḋean do ḃeiṫ ann i gan ḟios dóiḃ. Is olc an díol orṫa braṫ tíre iasachta do ċur ’na ċúram orṫa. Má ’s mar sin atá ċuid eile dá ngnó déanta acu is olc an iontaoiḃ dúinn beart do ḋéanaṁ do réir an eóluis atá taḃarṫa ḋúinn acu. Ní ḃfuaramair aon ḃlúire eóluis ar an ḃfear so ná ar a ġnóṫaíḃ aċ an méid eóluis a ṫug Fearġus féin dúinn air.
F.—Ná bíoḋ aon ṁilleán agat ar t’eaċlaċa, a ríogan. Do ḋeineadar a ngnó go maiṫ agus d’innseadar an ḟírinne ḋuit. Ní’l a ḃeag ná a ṁór de ṡluaġ ag Cú Ċulainn. Is é ḋein an gníoṁ so. Is é a ṁairḃ na fir seo, agus do ṁairḃ sé iad le n‑a láiṁ féin gan ċaḃair gan ċongnaṁ ó aoinne.
M.—Fear coṁlainn céad dob’ eaḋ gaċ fear de’n ḃeirt ċuraí seo a marḃaḋ, a Ḟearġuis, agus fear coṁlainn caogaid ara gaċ fir díoḃ! Conus ḟéadfaḋ aon ḟear aṁáin an ceaṫrar do ċur ċun báis le neart a láiṁe féin! Ní’l aon deaḃraṁ ar an sgéal. Tá trom-ṡluaġ éigin roṁainn ar an sliġe. Ní ḟeadfaḋ gan a ḃeiṫ. Ba ḋall an obair do na heaċlaċaiḃ a leiṫéid do ḃeiṫ ann i gan ḟios dóiḃ. Caiṫfid siad freagairt ann. Ní ḃéas liom-sa, nuair a ċuirim gnó ’na ċúram ar ḋaoiniḃ, gan a ċur ḟiaċaib orṫa an gnó do ḋéanaṁ ċun mo ṫoile. Do deineaḋ failliġe agus díolfar as. Tá díolta againn féin as ar