feaḋ buiḋean ḃeag ṡuaraċ brise ar ṁór-ṡluaġ le cleas de’n tsórd san. Ní foláir dúinn féaċaint roṁainn. Ní féidir dúinn dul ar aġaiḋ go mbeiḋ a ḟios againn cad tá ar an sliġe roṁainn. Is í mo ċoṁairle-se Cormac Conloingeas do ḋul ar aġaiḋ roṁainn, agus a ṫríoċa céad féin aige, go dtí go sroisiḋ sé an áit ’nar marḃuiġeaḋ an ceaṫrar so. Má ’s buiḋean ḃeag atá ann, ’na luiġe i gceilg, béarfar ’na líon féin orṫa. Má tá Ultaiġ ann, líon a slóġ, ní ġoinfid siad mac a rí ndílis féin
M.—Is maiṫ an ċoṁairle í. Déintear an ċoṁairle sin. Agus anois, a ríogra, téiġeaḋ gaċ rí agaiḃ láiṫreaċ i mbun a ṫríoċa céad agus ná fágaḋ aon ḟear a inead arís gan órdú uaim-se. An té ḟágfaiḋ is bioḋḃa báis againn é! Sin é mo smaċt-sa agus curfar i ḃfeiḋm é. Pé naṁaid a ḋein an gníoṁ so do ċuir sé ċuġainn ṫar n‑ais na capail agus na cuirp le hionċas go gcuirfeaḋ an raḋarc sgéon ionainn agus as an sgéon san go mbrisfí an riar atá ar ár mór-ṡluaġ. Is gearr ó ḃrise riair brise caṫa. Ċím gur beag ná gur ṫáinig leis an naṁaiḋ an riar a ḃrise. Táid na seaċt mic Ṁáġaċ agus na seaċt Maine annso. Conus a ḃeaḋ an sgéal anois dá mbeaḋ an naṁaid a ṁairḃ an ceaṫrar so ag déanaṁ éirliġ ar ḃur muintir-se agus siḃse annso! Ní mar sin a deintear gnó cogaiḋ. Imṫiġiḋ láiṫreaċ! (Ag bualaḋ buille ḋá cois i dtalaṁ.)
F.—Ní’l aon ṗioc dá ṁearaṫal orm ná gur b’ é mo ḋalta, Cú Ċulainn, a ḋein é. Duḃart liḃ aire