Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/66

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
52
TÁIN BÓ CUAILNGE

ar a ṫír féin, ar Ṁaġ Muirṫeiṁne. Mór-ġlonnaċ Muiġe Muirṫeiṁne a tugtar air. Tá sé ċuġaiḃ. Déiniḋ faire nó tiocfaiḋ sé oraiḃ i gan ḟios. Déiniḋ faire, aċ ní ṡaorfaiḋ an faire ar a láiṁ siḃ, a ḟeara Éirean. Nuair a ḃeiḋ ḃur laoċra ar míṫreóir aige, agus ḃur ḃfeara cróḋa ar feóḋ aige, ná habarṫar gur ḟág Fearġus siḃ gan foláraṁ. Tá foláraṁ agam dá ṫaḃairt daoiḃ. Déiniḋ faire, aċ deirim liḃ ná déanfaiḋ faire an gnó ḋaoiḃ.

Méiḃ.—Is teann an ċaint í sin, a Ṁic Róiġ. Ba ṫeann an ċaint í le déanaṁ ar ṁór-ṡluaġ naṁad dá mbeidís ag teaċt. Aċ is annspianta an ċaint í le déanaṁ ar aon laoċ aṁáin. Ṁeasfá a ċur ’na luiġe orainn go ḃfuil ar a ċumas ag aon laoċ aṁáin, i n‑a aonar, gan a ḃeag ná a ṁór de ṡluaġ ina ḟoċair, seasaṁ i n‑aġaiḋ ċeiṫre ollċúige Éirean agus caṫ do ḃrise orṫa, agus éirleaċ do ḋéanaṁ orṫa! Ní gnáṫ le Fearġus caint gan éifeaċt do ḋéanaṁ, aċ is dóiċ linn nár airiġeamair caint ċoṁ baoṫ leis an gcaint sin atá déanta anois aige. Is iongantaċ an obair mara ḃféadfaid ċeiṫre ollċúige Éirean iad féin a ċosaint ar aon ḟear aṁáin!

Fearġus.—Tá go maiṫ, a ríogan. Nuair a ḃeiḋ éirleaċ dá ḋéanaṁ ar do ṡlóiġtiḃ agus gan raḋarc agat ar an naṁaid a ḃeiḋ ag déanaṁ an éirliġ, ná habair gur ḋein Fearġus feall ort le gan a innsint duit go raiḃ an t‑éirleaċ ag teaċt. Nuair a ḃeiḋ t’ anam féin i gcontaḃairt ó ċrann taḃail Ċú Ċulainn ná habair gur ḃ’ olc ó Ḟearġus gan a ċur i n‑úil duit gur ṫáinig géar-ṁeanmna a ḋalta ċuige, agus go mór mór, ná habair gur