Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/39

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
25
Táin bó cuailnge

M.—Tá Cormac Conloingeas ag teaċt. Ní ṫiocfaiḋ sé sin fé ḃun an tríoċa céad Duḃloingse atá ’na ngnáṫ-ṫeaġlaċ aige ó ḟág sé Conċoḃar.

O.—Sin ċúig míle agus daċad míle.

M.—Go réiḋ, a rí. Tá tríoċa céad Ultaċ ag Cormac i n‑éaġmais an tríoċa céad Duḃloingse. Ní háil leat ċoiḋċe feiṫeaṁ le deire sgéil!

O.—Sin oċt míle agus daċad míle. Ní ró ḟada le dul iad ar ṡlóiġtiḃ Ċonċoḃair. Dá olcas atá an sgéal aige níor ḃ’ḟada an ṁoill air ḋá oiread an méid sin do ċruinniú i gCúige Ulaḋ fós, gan bac dá ḃfuil uaiḋ ar díbirt. Agus ní eile, a Ṁéiḃ. Ní’l fear óg ná aosda i gCúige Ulaḋ ná fuil Conċoḃar tar éis gaċ sórd eóluis gaile agus gaisge do ṁúine ḋó, ar an uile ṡaġas airm agus gníṁ.

M.—Is beag an tairḃe ḋó anois ar ṁúin sé riaṁ dóiḃ. Do ṁúin sé ḋóiḃ an t‑eólus is fearr a múineaḋ do laoċra riaṁ nuair a ṁúin sé ḋóiḃ gur neaṁní gaċ aoiḃneas saoġalta seaċas réim ċlú, agus ná faġtar réim ċlú, gan dílse i mbriaṫar. Ġaiḃ sé de ċosaiḃ ’na ṫeagasg agus ’na ċlú féin nuair a ġaiḃ sé de ċosaiḃ ’na ḃriaṫar rí. Táid ríogra Ulaḋ bréan de Ċonċoḃar. Ní luaisgfiḋ duine acu claiḋeaṁ ar a ṡon.

O.—Ná codail ar an gcluais sin, a Ṁéiḃ. Bíoḋ go ḃfuil seirḃṫean a ndóiṫin anois ar ríogra Ulaḋ ċun Conċoḃair agus gur fuaṫ leó claiḋeaṁ do noċtaḋ ar a ṡon, noċtfaid siad an claiḋeaṁ tapaiḋ go leór ar a son féin. Gaḃaim-se orm go bpreabfaid siad suas go mear nuair a ċífid siad slóiġte Connaċt ag déanaṁ losgaḋ agus léirsgrios ar a ndúṫaiġ. Aċ tá ní eile, a ’nġín ó.