Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
22
TÁIN BÓ CUAILNGE

agam-sa le ráḋ aċ nuair ná tugtar ar ais é do ḃéarfar ar éigin é. Imṫiġ, a Ṁic Roṫ.

(Imṫiġeas M. R.)

“Nuair ná tugtar ar ais é do ḃéarfar ar éigin é.”—Is beag an blúire cainte an méid sin focal. Is réiḋ éasga a riṫid siad a béal duine. Ni’l ionta aċ anál agus fuaim. Ní puinn de sin féin atá ionta. Cé ṁeasfaḋ anois, an mó braon fola a sgaoilfear le fánaiḋ mar ġeall ar an méid sin cainte! Cé ṡaṁlóċ go ḃféadfaḋ na focail ḃeaga san slóiġte líonṁara do ċruinniú ó ċríoċaiḃ fada, fairsinge, imigcéineaṁla! Fir óga uaisle do ṫarrang aḃfad ó ḃaile! Daoine nár laḃair aon ḟocal riaṁ le n‑a ċéile, ní áirṁiġim fuaṫ ná miosgais do ṫaḃairt dá ċéile, do ċur ag gearraḋ a ċéile le faoḃar! Fuil agus ionaṫar daoine, agus cuirp ’na sraṫanaiḃ, do ċur ar áṫaiḃ agus ar ḃántaiḃ, ar ṁaġaiḃ agus ar ḃearnaiḃ, ó Ṡionainn go hEaṁain Ṁaċa! Ní raiḃ aċ buille fé ṫuairim ann nuair a duḃart leis an eaċlaċ mara dtugtaí an tarḃ ar ais go mbéarfaí ar éigin é. Ḃí tuairim agam ná féadfaḋ sé a ḃéal do ċoimeád dúnta, aċ níor ṁeasas go dtiocfaḋ an sgéal amaċ ċoṁ mór ċun mo ṫoile agus a ṫáinig. Seaḋ! Tá an ċú ’s an cat ’s an girrḟiaḋ ar aon úrlár agam anois, pé cuma ’na dtiocfar as. Cad é an dúiseaċt a ġeaḃaiḋ Conċoḃar as a ċodla! Ní’l Ultaċ beó gan diombáḋ agus seirḃṫean agus dúr-ċroiḋe air mar ġeall ar an ḃfeall gcaillte a deineaḋ ar Naoise agus ar a ḃeirt ḋrioṫár. Tá Conċoḃar ’na ċeas. Tá ceasnaí a ḋóiṫin air. Ní’l an fear san beó ar