Page:Suantraidhe agus goltraidhe - Pearse.pdf/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

CAD ĊUIGE ḊÍḂ DOM’ ĊIAPAḊ?

Cad ċuige ḋíḃ dom’ ċiapaḋ, a ṁiana mo ċroiḋe?
Dom’ ċiapaḋ is dom’ ṗianaḋ de ló is d’oiḋċ’,
Dom’ ḟiaḋaċ mar do fiaḋóċaiḋe fiaḋ boċt ar
ṡliaḃ,
Fiaḋ boċt fad-tuirseaċ ’s an ċonairt ina
ḋiaiḋ?

Níl suaiṁneas dom’ ṗianas i n-uaigneas na
gcnoc,
Aċt uall-ġáir na ḃfiaḋaiḋe go huaṫṁar le
clos,
Uall-ġáir mo ṁian-sa dom’ ḟiaḋaċ gan spás,―
’S a ċona craos-ḟiaclaċa, is fada ḃur rás!

Níl sásaṁ i ndán dom’ ṁianaiḃ lem’ ré,
Óir ní sásaṁ an sásaṁ do ṁianas indé,
’S is cíocraiġe an ċonairt de’n tsásaṁ do
fuair,―
’S go síorraiḋe ní ċodlóċad go gcodluiġead
san uaiġ.

9