Page:Seadna.djvu/289

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

sgéal agat é. Ná béadh sé chómh saoráideach agat an saothar san go léir, agus an t-eólus, agus an inntleacht, agus an ghéar-chúis, agus an chiall, má ’s ciall cheannaigh féin í, do chur chun tairbhe éigin do shaothrughadh? B’ fhéidir, luath nó mall, go mbéadh rud éigin i n-éaghmuis an oilc de bhárr do shaothair agat.”

D’fheuch an Fear Dubh ins na súilibh ar Shéadna agus mheas Séadna ná feacaidh sé riamh feuchaint chómh diablaídhe.

“Feuch, a Shéadna,” ar seisean, “níor labhair aoinne riamh fós ar an gcuma san liom. B’ fhéidir dá labhradh na béadh an sgéal indiu agam mar atá. Ní cuid ba lúgha ’ná a fhonn a bhéadh orm do chómhairle ghlacadh agus rud a dhéanamh ort feasda. B’ fhéidir gur bh’ fhearr déanaighe ’ná ró dhéanaighe. Ach cad dob’ áil leat anso dhíom anois? An airighean tú leat mé? Leig uait mé agus bíodh trí bliaghna déag eile agat!”

“Seadh go díreach!” arsa Séadna. “Agus ansan má théidhim ar aonach nó ar margadh ag ceannach bó nó capaill tiocfair-se ad’ fhear méaracán agus tabharfair ‘gréasaidhe beag buídhe na mealbhóige’ orm os comhair na ndaoine, agus béidh tú ag faire orm, a gan fhios dom, do ló agus d’ oídhche, feuchaint cathain a dhéanfainn dearmhad. Ní beag liom de’n tsórd san margaidh.”

“Cuirimís sa mhargadh gan mé theacht ad’ ghoire i n-aon chor i gcaitheamh na h-aimsire,” arsa ’n Fear Dubh.

“Ná aoinne uait,” arsa Séadna.

“Ná aoinne uaim,” arsa ’n Fear Dubh.

“Agus neart a bheith dhom ar aon úsáid is maith liom a dhéanamh de’n airgead,” arsa Séadna.

“Déin do rogha úsáid de,” arsa ’n Fear Dubh.