Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

XL.

An aithris an túilpe, ag tnúth le fíon ó neamh, Ar maidin 'sí shúghann den drúcht a daoithin ceart, A cúrsa díreach leanse, it eascair bhunscionn Go dtagair béal fút san úir is críoch led stair.

XLI.

Ded mhearathal bhaoth 'dir dhaonna is diadha scuir, Is caingne an tsaoghail dot éis na ciapadh thu, Acht méara cliath do chrobh, le taitneamh dó, léig Tré bhachallaibh céibhe an té do riarann digh.

XLII.

Má'sé is críoch don digh 's don ghob atá led bhéal An nídh seo is tosach is deire do chách san tsaoghal, Taoi Indiu ar fagháil, Indé mar bhís, is tuig Nach ísle ghiota ar do chumus Imbáireach féin.

XLIII.

Is aingeal na dighe seo is duibhe ar bith cáil is clódh Nuair a casfar leat a íoghair ar bhraoi an tsrotháin fé dheóidh, 'S go sínfidh a árthach rót, ón mblaise ná stríoc Acht t'anam do thuidheacht chun díogtha i dtráth dhod bheól.

XLIV.

An t-anam má fhéadann an chré do lánchur uaidh Is taisteal gan éide tré spéartha neámhdha ar luas, Nach dó badh nár 's badh truagh dul craipilthe tréith

Is fanacht go réidh insan chrébhoth tháir seo buan?

16