Page:Quiggin Dialect of Donegal 0243.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
243

leis sin. Shiubhail sé leis ⁊ d’fhág iad. Shaoil gach aon de’n triúr go rabh an punta ag duine éiginteach eile ocu. Chuir siad móran paidreacha ⁊ beannachtaí leis ⁊ dubhairt gur mhaith i gcomhnaidhe é. Choimhéad sé iad go bhfeicfeadh sé goidé dhéanfadh siad. Nuair atá an punta againn, arsa fear de na daill, goidé dhéanfaidh muid leis? Tá cóta de dhith ormsa, arsa fear de na daill. Tá bróga de dhith ormsa, arsa fear eile. Tá mo bhricfeasta de dhith ormsa arsa an tricheadh dall. Tá ar mbricfeasta de dhith orainn uilig. Níor ith muid aon ghreim aniu. D’ainmnigh siad teach ósta i bhfuigheadh siad a mbricfeasta. Chuaidh siad go teach an ósta. D’innis go rabh punta ocu ⁊ bricfeasta maith do thabhairt dóbhtha. Nuair do ghlac siad a mbricfeasta dubhairt fear ocu, o tharlaidh gur chuir Dia an punta inseorthu, gur chóir dóbhtha gloinne ól. Fhuair siad trí ghloinne uisce bheatha ⁊ d’éirigh an blas ní b’fhearr air ⁊ d’iarr siad triúr eile. D’ól siad gur hinnsigheadh dóbhtha uach rabh níos mó le fagháil, go rabh luach an phunta ocu. Díol sin, arsa fear de na daill. Díol sin, arsa fear eile. Díol sin, arsa an tricheadh fear. Amach leis an phunta, arsa fear na táibheirne. Tá deifre ormsa. Bhí an t-anas ann. Ní rabh aon phinginn le fagháil. Bhí fear na táibheirne i bhfeirg. Bhí sé ag cur púdair ann a chuid féasóige go dtéidheadh sé fa choinne an pholice, go gcuireadh sé ’un an phríosúin iad. Anns an bhomaite thainic an chevalier isteach ⁊ dubhairt leis go rabh sagart air an bhaile do bhí déirceach ⁊ go ndíolfadh sé an tairgead air shon na mbacaigh. Rachaidh mé fhéin leat ⁊ labhairfidh mé leis an tsagart. Bhí athas air fhear na táibheirne. Chuaidh an bheirt go teach an tsagairt. Fuair siad scéala annsin go rabh an sagart i dteach an phobail. Chuaidh an bheirt go teach an phobail. Bhí an sagart air an altóir ag dul do léigheadh aifrinn. Chuaidh an chevalier suas air an altóir ⁊ dubhairt leis an tsagart go rabh duine bréagh annsin acht go rabh sé tinn o’n ghealaigh ⁊ go dtainic sé do iarraidh air an tsagart urnaigh rádh dó. Dubhairt an sagart go mbéidheadh sin ceart i ndiaidh an aifrinn. Thainic an chevalier anuas ⁊ dubhairt sé, fan thusa annseo ⁊ gheobh tú do phunta i ndiaidh an aifrinn. Nuair do bhí an t-aifreann ráidhte, chraith an sagart a mhéar air fhear na táibheirne theacht aníos. Dubhairt an sagart —gabh air do ghlúine. Dubhairt fear na táibheirne— bhfuil tú ag dul do thabhairt domh an tairgid? Dubhairt an sagart aríst—gabh air do ghlúine. Dubhairt fear na táibheirne— bhfuil tú ag dul do thabhairt domh an phunta? Bhí slat gheal aig an tsagart ⁊ bhuail sé fear na táibheirne air a bhlagóid ⁊