Page:Quiggin Dialect of Donegal 0231.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
231

’un an chaisleáin. Ní fhacaidh sí duine air bith beó. Chuaidh sí asteach. Shiubhail sí mórán fríd an chaisleán. Fá dheireadh thainic sí ann seómra áirite seanóir críon-liath. D’athain sí go robh sé ann am eighinteach na rí. Labhair sí leis ⁊ ní robh sé fonnmhar seanchas(c) air bith do dheánadh. Bhí an trathnóna ann. Níor bhfada go dtainic asteach triúr de ghaiscidhigh óga gearrtha, millte, loitighthe ⁊ folaighthe le fuil. Chaith díobhtha a gcuid éadaigh. Rug fear ocú greim dhá chos air fhear eile. Sháith sé síos i mbairille a bhí i gcul an dorais é. Thairng air ais é ⁊ bhí sé slan, folláin. Rinneadh sin leis an triúr ⁊ bhí siad leigheasta comh maith agus bhí siad ariamh. A bhuachaillí, arsí, is cosamhail dibh go robh sibh ag troid. Bhí muid ag troid, arsa an fear bu sine. Go dé adhbhar bhur dtroda? arsí. Naimhde thainic air an oileán seo, arsé. Mharbhaigh siad mo mhathair. Rinne siad clocha geala d’ar ndaoiní ⁊ ar n-eallaigh. Ní’l lá air bith nach marbhann sinne sluagh ocú. Bídh muid loitighthe mar chonnaic tú sinn, acht bidheann an sluagh beó lá air n-a bharach air ais fá’r gcoinne. Sin bairille íocshláinte a leigheasas sinne an uile thrathnóna. Leig sí osna ⁊ dubhairt sí, Bhí fear agamsa ann am amháin. Da mbéidheadh sé agaibh, chuideachadh sé libh. Cá bhfuil sé? arsiad. Tá sé thíos anns an luing, arsise. Caithfidh muid é thabhairt aníos. Gheánfaidh muid sinne beó é ⁊ comh maith ⁊ bhí sé ariamh. Thug siad aníos é. Chumail siad an íocshláinte dó. Thum siad san bhairille é. Chumail bos da shúile ⁊ dubhairt sé, Saoilim gur chodail mé néal. Bhí lúthgháir an-mhór air a bhean. Chraith sí dhá láimh leis. Chuaidh siad do chodladh an oidhche sin i bpléisiúr. Air maidin go luath air lá air n-a bhárach, chuaidh triúr mac an ríogh amach do throid leis an tsluagh ⁊ Céadach leóbhtha. Air theacht dóbhtha ’un an mhachaire, bhí sé lán daoiní faoi arm ⁊ faoi éideadh. Go dé tá sibh ag dul da dheánadh leóbhtha seo? arsa Céadach. Tá muid ag dul do throid leóbhtha ⁊ trathnóna béidh siad marbh againn. Ní’l ann bhur ngraethe acht trumpáracht, arsa Céadach. Gheánfaidh muid dhá leith de na fir. Glacfaidh mise taobh ocú ⁊ glacaigidh sibhse an taobh eile. Ní robh aim acht go robh beárnaidh bheag bhaoideach deánta anns na fir aig clann an ríogh, nuair bhí a leath fhéin marbh aig Céadach. Má’s é sin an dóigh a nídh sibh an uile lá, is neamhiongantach iad do bhéith ag suidhe ann bhur mbun. Thug sé ruathar ann a measg mar sheabhac frid éanacha ⁊ mharbhuigh sé an duine deireannach díobhtha. Go dé tá sibh ag dul da dheánadh anois, a bhuachaillí? arsa Céadach. Ó tá muid ag dul abhaile, arsiad. Na nach bhfuil sibh ag dul do