Page:Quiggin Dialect of Donegal 0227.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
227

teachtaire go robh troid de dhíth air o Scíothán Sceólannach. Thainic Scíothán Sceólannach. Throid é fhéin ⁊ Giolla na gCochall Craicionn o dhubh maidne go dubh oidhche. Bhuail Giolla buille i gcomhraic a chinn ⁊ a mhuineáil air ⁊ bhain a cheann de. Thainic annsair Fhionn. A Fhinn, Cítheach Cruaidh-armach an gaiscidheach is fearr anns an ríoghacht, caithfidh tú fear do chur le n-a throid amárach. Ní’l duine air bith annseo le n-a throid mur ndeánaidh tú fhéin é. Air maidin go luath chúaidh Giolla na gCochall Craicionn suas ’un an chaisleáin. Bhuail buille san chuaille comhraic. D’iarr comhrac air Chítheach Chruaidh-armach. Ba díomhaoin é go dtí sin. Throid sé fhéin ⁊ Cítheach go trathnóna. Bhí dul aig Giolla na gCochall Craicionn air ⁊ rinne Cítheach leomhan mór de fhéin. Rinne Giolla an rud céadhna ⁊ mharbhuigh Cítheach. Bhuail arís anns an chuaille comhraic. Níor freagraigheadh é. Go dé támuid ag dul da dheánadh? arsé le Fionn. Rachaidh muid abhaile, arsa Fionn. Ní rachaidh muid abhaile, arsa Gioila[1] na gCochall Craicionn, go bhfaghaidh muid ar mbean ⁊ lorg ar láimhe do fhágáil ar ndiaidh. Tá uaigh dhraoitheachta i bhfogus do’n chaisleán. Bhéarthar ar mbean annsin aniu. Má gheibhthear í asteach san uaigh, thusa ⁊ mise ⁊ a bhfuil i n-Éirinn, ní thiubhradh (thabhairfeadh) amach í. Tá dhá dhorus air an uaigh, dorus beag ⁊ dorus mór. Cuirfidh muid Diarmuid air an dorus bheag ⁊ rachaidh mise air an dorus mhór. Níor bhfada dhó go bhfacaidh chuige bean Dhiarmuid dhá’réag de mhná óga léithe ⁊ dhá’réag de sheanmhná. Rug Giolla orrthí ⁊ rug an cheathrar ⁊ fiche ban orrthí. Chaith Giolla air a ghualainn an bhantracht uilig. Scairt air Dhiarmuid ⁊ phill ’un an bhaile annsair Fhionn. Bhí lúthgháir mhór orrthú a mbean do bhéith ocú. Nach rachaidh muid abhaile anois? arsa Fionn. Ní rachaidh muid abhaile, arsa Giolla, go bhfágfaidh muid lorg ar láimhe fá’n chaisleán. Chuaidh ’un an chaisleáin. Thug leóbhtha lasta a luinge de ór ⁊ de iolmhaitheas ⁊ d’fhág an caisleán le theini. Thóg a seóltaí ⁊ chuaidh ’un fairge. Bhí siad trí oidhche ⁊ trí lá ⁊ an aimsir deas. Bhí siad ag ithe ⁊ ag ól ⁊ i bpleisiúr mhór. Ní robh air thaiste na luinge acht Fionn ⁊ Giolla. Chuir Giolla osna mhór as. Go dé adhbhar do bhuaidheartha? arsa Fionn. Tím chugam long, arsa Giolla. Tá fear air bórd orrthí a mhuirfeas mise. Ní’l, arsa Fionn, na aon fhear air dhruim an domhain a bhéidheadh ábalta thusa do mharbhadh. Faraor thú, arsa Giolla, ní thig liom lámh do thógáil go marbhaidh sé mé. Gabh síos faoi thaiste na luinge ⁊ cuir ort an chulaidh scúilliúnaigh atá annsin ⁊

  1. Sic; Giolla