Page:Quiggin Dialect of Donegal 0219.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
219

é ⁊ chaith é air an urlár. Shiubhail Lonndubh amach air an dorus. Níor fhág sé slán na beannacht ocú. Go dé gheánfaidh muid sinne? arsa Céadach leis an bhanphrionnsa. Ce b’air bith is toil leat. Chuala mé, arsé, go robh Fionn mac Cumhaill ann a ghaiscidheach mhór, go robh mórán de ghaiscidhigh maithe faoi ⁊ é fhéin na dhuine mhaith. Rachaidh muid go Teamhair annsair Fhionn go gcaithidh muid tainall annsin. Maith go leór, arsí. Ghluais an bheirt ’un siubhail. D’fhág slán ⁊ beannacht aig Gaibhdín Gabhna. Níor stad siad go robh siad i dTeamhair na ríogh. Bhí Fionn mac Cumhaill ⁊ a chuid fear amuigh ag seilg. Ní robh san chaisleán acht na mná. D’innis bean Fhinn mhic Cumhaill dóbhtha, go robh Fionn ⁊ a sluaighte fá shléibhte mór na Midhe. Nach mbéidheadh sé abhaile go ceann chúig lá. Acht an aire chéadna a gheóbhas mise, gheóbhaidh do bhean-sa go bpillidh tú air ais, má’s maith leat Finn do fheiceál. D’fhág sé beannacht ocú ⁊ d’imthigh sé annsair Fhionn ⁊ annsair na Fiannaibh. Nuair bhí sé teacht i bhfogus dóbhtha, casadh teach slachtair air. Chuaidh se asteach ⁊ chóirigh é fhéin le craicne na mbeathaigh fiadhain. Nuair chonnaic Fionn é ag tairnt orrthú, d’fhiafraigh sé, A bhuachailli, go dé tá sibh da dheánadh? Tá muid ag deánadh ar ndínneara, arsa Conán. Go dé tá tú fhéin da dheánadh? Tá mé ag amharc uam. Tím óigfhear cliste ag tairnt orrainn. Má’s do chuidiughadh linn atá sé, is fearrde dínn ⁊ má’s ann ar n-aghaidh atá sé, is misde dínn. Béidh fhios againn go dé an cinéal duine é. Má’s de chlainn mic ríogh no ró-fhlaith é, ní labhairfidh sé le duine na duine leis go dtigidh sé ann mo láthair-se ⁊ go ndeánaidh sé comhartha umhluigheacht ⁊ urram domh. Má’s de chlainn bodaigh no duine bheathlaidhe é, an chéad duine a dtiocfaidh sé fhad leis, fiafrachaidh sé, Cá bhfuil an rí? Níor labhair Céadach le h-aon duine no aon duine leis go dtainic sé i láthair Fhinn mhic Cumhaill. Rinne comhartha umhluigheacht ⁊ urram dó. Go dé an duine thú? arsa Fionn. Buachaill atá ag iarraidh aimsire tá ionnam, arsa Céadach. C’ainm no ca shloinneadh thú? arsa Fionn. Ní robh mé aig aon mháighistir ariamh, arsa Céadach, nach dtiubhradh sé fhéin ainm orm. Maiseadh, o fuair mise cóirighthe thú anns na craicne, baistim Giolla na gCochall Craicionn ort. Ní bhfuair mé ainm ní b’fhearr ariamh, arsa Céadach. Go dé an obair bhfuil tú maith aige? arsa Fionn. Tá mé maith ag cruinnighadh sealga, arsa Céadach. Tá tú de díth orm go mór, arsa Fionn. Go dé an tuarastal atá tú da iarraidh go ceann lá ⁊ bliadhain? arsa Fionn. Má ghnóthaighim dadaí dhuid, bhéarfaidh tú fhéin domh an méid is fiú mé. Tá sin