Page:Quiggin Dialect of Donegal 0217.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
217

Lonndubh oirrthí ⁊ rinne sé gáire mór. Go dé adhbhar do gháire? arsa Céadach. Bród ⁊ athas ag amharc air an bhanphrionnsa a bhéidheas na mnaoi agam fhéin. Is beag do chiall, arsa Céadach, ⁊ is beag do chuid dithe. Is fíorbheag áird aici ort. Sin adhbhar mo mná-sa ⁊ ta fhios aici fhéin sin. Ní bhfuigh tú í gan troid chrúaidh. Tá mé sásta sin do ghlacadh, arsa Lonndubh. Nuair do bhí siad ag dul i gceann airm thainic Gaibhdín Gabhna asteach. Nuair chuala sé fáth na troda, dubhairt sé nach mbéidheadh troid air bith ann acht go ndéanadh seisean breitheamhnas. D’aontaigh siad do’n bhreitheamhnas. Ním-se mo bhreitheamhnas, arsa Gaibhdín Gabhna, go bhfágfaidh mé sibh bhur dtriúr bhur seasadh air urlár mo cheárdcha. Tá trí dóirse oirrthí, dorus mic ríogh ⁊ rófhlaith, dorus na marcaigh (marcach) ⁊ dorus na gcoisidheannaí. Anns an am seo bhí an Ghlais Ghaibhleanna aig Gaibhdín Gabhna. Bhí slabhradh aige oirrthí le h-eagla roimhe Bhalar. Leigeadh an slabhradh í anuas go Cnoc an tSlabhraidh atá aig taobh Árd-dá-ratha. Ce’r bith an chéad soitheach a chuirfeá faoi an bhó ag bleagan, líonfhadh sí é, bidheadh sé beag no mór, ⁊ sin da mbéidheadh de bhainne aicí. Ce b’air bith duine agaibh a leanfhaidh sí, bidheadh sí aige ⁊ mur leanaidh sí aon dhuine agaibh, ní bhfuigh ceachtar agaibh í. Ce an dorus a rachaidh tú amach? arsa Céadach. Rachaidh mé amach air dhorus mic ríogh ⁊ ró-fhlaith, arsa Lonndubh. Is é ba dúthcha domh. Rachaidh mise amach air dhorus na gcoisidheannaí, arsa Céadach. Má leanann sí mé air dhorus mic ríogh no ró-fhlaith, leanfhaidh sí mé air dhorus na gcoisidheannaí. Chuaidh gach aon duine ocú air a dhorus fhéin ⁊ lean sise Céadach air dhorus na gcoisidheannaí. Thairg Gaibhdín Gabhna banais mhór do dheánadh leóbhtha acht thoisigh Lonndubh ag deánadh bróin ⁊ buaidheartha. Is dona do chás, arsa Céadach, ag deánadh bróin i ndiaidh mná nach robh grádh air bith aici dhuid. Ní’l neart agam air, arsa Lonndubh, ⁊ gheóbh mé bás. Rug Céadach air tháirnge crudh ⁊ dubhairt sé, má leigeann tú domh air sin do bhualadh síos i dtroigh do choise, gheóbh tú an bhean gan bhuille gan urchar. Tá mé sásta, arsa Lonndubh. Chuir sé an táirnge fríd n-a chois le buille beag de chasúr. Chuaidh barr an táirnge anns an urlár ⁊ ní thainic le Lonndubh a chos do thógáil. Chaith Gaibhdín Gabhna teanchoir chruadhach ag iarraidh é do thairnt ⁊ sháraigh sé air an táirnge do thairnt. Tairng seo as seo, arsa Lonndubh le Céadach. An stadfaidh tú de do chuid dúbróin fá an bhean nach bhfuil áird aicí ort. Ní éileacha mé go bráthach í acht má thig tú fhéin ⁊ mise i gcatha choidhche, go gcaithfidh mise an chéad bhuille fhagháil. Tairng an táirnge. Chrom Céadach síos. Rug sé air an táirnge le n-a fhiacla. Thairng