Page:Quiggin Dialect of Donegal 0213.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
213

chrainn go tiugh ⁊ go dían. Níor bhfada gur ghearr siad an crann. Air thuitim do’n chrann léim an sionnach amach. Scairt Éamonn air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Níor luaithe bhí an focal ráidhte ná chonnaic siad an cú i ndiaidh an tsionnaigh. Sin an áit a robh an rása ⁊ an choraidheacht, acht níor bhfada go bhfuair an cú greim muineáil air ⁊ léim an lach fhiadhain amach as an tsionnach. D’éirigh sí i n-áirde anns na spéirí. Scairt Éamonn air sheabhac Ghleann Dath Bhuidhe. Le preabadh na súl bhí an seabhac le feiceáil i ndiaidh an lacha. Níor bhfada gur bhuail an seabhac an lacha ⁊ iad amuigh os ceann na fairge. Air thuitim do’n lach rug sí uibh ⁊ thuit sí síos air lár na fairge. Scairt Éamonn air Dhobhrán Donn Loch an Iubhair (do) theacht go deifreach ⁊ an uibh do thabhairt annsair. Anns an am sin chonnaic siad an Crochaire Tárrnochttha ag tairngt orrthú ⁊ bhí sé ag éirighe lag. Bu luaithe leis an dobhrán do bheith aig Éamonn ná’n Crochaire Tárrnochttha. Bhí a bhéal fosgailte ag iarraidh do bhéith fagháil anála. Rug Éamonn air an uibh o’n dobhrán. Chaith sé asteach i mbéal an Chrochaire i. Thuit sí síos ⁊ bhuail sí an ball dubh a bhí air thóin a ghoile. Thuit an Crochaire Tárrnochttha marbh. Bhí lúthgháir mhór air Éamonn ⁊ air nighean an ríogh. Rachaidh muid anois ’un an bhaile, arsa Éamonn. Bhí luingis go leór anns an chuan. Líon siad long lán óir ⁊ airigid. Ní robh fhios ocú go dé an bealach a rachadh siad. Chonnaic siad an bád beag miotail ag teacht asteach o’n fhairge mhór. Chuaidh an bheirt asteach san bhád. Chuir an bádóir crúca i bhfasta anns an luing ⁊ chuaidh sé ’un fairge. Ba luaithe é go mór ná’n ghaoth Mhárta go dtainic sé asteach faoi theach an tricheadh seanduine. Bhí lúthgháire mhór air an tseanduine rompú. Chaith siad an oidhche sin aig an tseanduine le pléisiúr. Lá air n-a bhárach fuair an seanduine cartannaí ar cuireadh an t-ór ⁊ an t-airgead orrthú. Thug siad leóbhtha an seanduine. Thainic siad go teach an dara seanduine. Chaith siad oidhche annsin i bpléisiúr. Thug siad leóbhtha an dara seanduine go teach an chéad seanduine. Chaith siad oidhche i bpléisiúr aige ⁊ thug siad a n-aghaidh air an bhaile na trí sheanduine leóbhtha. Nuair thainic siad go caisleán an ríogh bu é an lá deireannach de’n bhliadhain é. Bhí iolghárdas os ceann cumais air an rí roimhe n-a nighean ⁊ roimhe Éamonn. Béidh mo nighean agad mar mhnaoi fhad a’s bhéidheas sí beó ⁊ is cinnte gur maith an airidh ort í. Rinneadh banais a mhair seacht n-oidhche ⁊ seacht lá. Bhí an lá deireannach comh maith leis an chéad lá. Tá siad fhéin ⁊ a gclann ⁊ a n-iaraimh aim sonas ⁊ ann séan.