Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

féin,” agus “ná fuil aon tseans go deo go mbogfaḋ an Sasannaċ a ġreim i nÉirinn.” Sin é saġas cainnte ḃíonn aca san. Aċ b’ḟearr scaoileaḋ leo—níl fios a ṁalairt age sna rudaí boċta. Táid siad dall, mo ġraiḋn iad!

Nuair ná raiḃ aon duine dem’ ċóṁaois im’ ṫeannta d’iarras ar Ṫaḋg Óg cead a ṫaḃairt do Ṁicilín Eoin, leis, ḃeiṫ ’na ṡaiġdiúir. Ṫug, agus is é gnó ṫug sé do ḃeirt againn ḃeiṫ ag faire agus ag éisteaċt, agus ag breiṫ eolais ċuige féin i dtaoḃ aonne ḃeaḋ ar tí na mbuaċaillí san áit. Ġearánas na seanaṁná ar fad leis aċ is aṁlaiḋ a ġáir sé fé’n méid sin. Spiairí agus daoine ḃeaḋ ag breiṫ scéalta ċun na naṁad—eolas orṫa san a ḃí uaiḋ, aduḃairt sé.

As san amaċ ní raiḃ stad le Micilín ná liom féin aċ ag cuardaċ do spiairí. Ḃímís laistiġ des na claṫaċa istoiḋċe ag éisteaċt leis gaċ aonne ġaiḃeaḋ an bóṫar. Ċualamair Taḋg Mór ’á ráḋ le n-a ḃean, agus iad araon i dteannta ċéile ag teaċt ón nDaingean go raiḃ “gob ċun cainnte uirṫi.” Duḃairt sí sin nár ṁór di faoḃar a ċur uirṫi féin mar go raiḃ smísde amadáin d’ḟear aici. Ċonncamair Flúirsín ag imeaċt, oiḋċe eile, le cliaḃ móna as cruaiċ Ḃeit Móire, aċ ṫuit an t-anam as, naċ mór, nuair ḃéiceamair air é ċur ṫar n-ais. Ċuir—go tapaiḋ.

D’éaluiġeamair oiḋċe eile treasna ḋá ṗáirc ċun teaċt ar ċúl Ṫomáisín Nellí agus Ṁáirín Ḋonnċa a ḃí ag cadráil le n-a ċéile age lúib an ḃóṫair. Dar fia! ní raiḃ aon rud le héifeaċt ’á ráḋ aca, aċ cainnt gan ċiall! Ċaiṫeamair scraiṫín leo agus d’imiġeamair. Ar an slí sin fuaireamair fios deiscréideaċ ar gaċ aon rud a ḃí ar siuḃal sa ṗaróiste agus is mór na rudaí a ḃí ar siuḃal ann i gan ḟios, fé ċlúid na hoiḋċe. Tar éis ár ndíċill, áfaċ, ní ḟuaireamair aon spiaire sa ṗaróiste, agus b’orainn a ḃí an míoṡásaṁ.

Nuair a ṫeip muinntir an ṗaróiste orainn ċeapamair go mb’éidir go mbuailfeaḋ seans éigin linn dá ḃfairimís

68