NA GUTAÍ.
Tógaimís na gutaí ar dtúis. Tá ocht gcinn déag díobh ann, agus is beag buachaill ná cailín ins na sgoileanna i nÉirinn ná féadfadh trí chinn déag díobh san do dhéanamh go saoráideach. Sid é clár i n-a bhfuil na trí chinn déag san le fághail i bhfocalaibh Gaedhilge agus i bhfocalaibh Béarla na hÉireann:—
focail Ghaedhilge |
focail i mBéarla na hÉireann | |||
na |
||||
an gnáth |
an leitriú |
an gnáth |
an leitriú | |
| á | dá | dá | thaw | tá |
| ó | bó | bó | though | dó |
| ú | dubha | dú | loop | lúp |
| é | cé | cé | cape | cép |
| í | bí | bí | beet | bít |
| a | ba | ba | mock | mac |
| o | bog | bog | musk | mosc |
| u | muc | muc | wool | wul |
| e | beir | ber | bed | bed |
| i | soir | sir | bid | bid |
| a | an | ăn | aroma | ărómă |
| ä | daor | där | there | där |
| y | buidhe | by | weary | wyry |
Is léir ó’n gclár san go bhfuil na gutaí san ag an ngnáth dhuine i nÉirinn. Ach nuair a bhion ä nú y ceangailte de charblach leathan (c nú g nú ng) sa Ghaedhilg is mó Béarlóir ná tagan leis iad a rádh i gceart. Ní mór iad a chleachta.
Na chúig cinn eile den ocht ngutaí déag, gutaí srónacha is eadh iad. Ní cloistear na gutaí srónacha sa Bhéarla inéachor, agus ní mór iad a chleachta