Page:Irish Made Easy - Shán Ó Cuív.pdf/106

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
11
FOGHARAIDHEACHT NA GAEDHILGE.

uaireanta i n-ionad ch. Cuirtear an teanga i gcoinnibh an charbaill i n-ionad í ardú i dtreo an charbaill. An té go mbíon ch aige is féidir leis gh a dhéanamh ach na téada gléir do chur ag crith. Níl de dhifiridheacht idir ch agus gh ach an difiridheacht ata idir c agus g. Cleachtuighmís anois iad:—

UGH, IGH, UCH, ICH, UGHU, IGHI, UCHU, ICHI.

Ní fuláir bár na teangan a chimeád i gcoinnibh na bhfiacal n-íochtarach le linn ngngh a dhéanamh. Má árduightear bár na teangan i geoinnibh na bhfiacal n-uachtarach is é nnh a bheidh againn. Cleachtuighmís ng anois:—

UNG, ING, UNGH, INGH, UNGU, INGI, NGU, NGI.

Nuair a bhíon ngh á dhéanamh ní bhíon ach anál ag teacht amach tríd an sróin. Ar an gcuma gcéadna nuair a bhíon mhnh á dhéanamh ní bhíon ach anál ag teacht amach. Glór a bhíon ag teacht amach le linn m, n, ng a dhéanemh. De ghlór a deintear l agus r, leis, agus d’anáil a deintear lh agus rh. Fíor-anál is eadh h agus bainean an h an glór den m, n, ng, l, nú r. Cloistear fuaim h féin i dtosach focal, fé mar a chloistear sa Bhéarla é, agus i lár focal agus i ndeireadh focal, leis. Tugaimís aire mhaith don fhuaim sin i ndeireadh focal: cath (cah), gath (gah), etc.

Deinimís ä agus y a chleachta anois agus carblacha ag gabháil leo, fé mar atá ins na foclaibh Gaedheal, caol, guidhe, caoi. Is minic gur agus , agus a bhíon ag macaibh-léighinn ins na foclaibh sin. Bíodh an teanga i gcoinnibh an charbaill bhuig i gcóir an g nú an c agus déarfar an ä nú an y gan aon trioblóid:—

UG—Ä, UG—Y, UC—Ä, UC—Y, UNG—Ä, UNG—Y.