Page:Irish Made Easy - Shán Ó Cuív.pdf/105

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
10
FUAIMEANNA AGUS

though nú an t san sa bhfocal thaw féadfaidh sé an l leathan agus an n leathan a rádh gan duadh. Bíon bár na teangan thíos le linn d, t, caol a dhéanamh, ach thuas i gcóir n, nh, l agus lh. Deinimís iad a chleachta:—

UD, ID, UT, IT, UN, IN, UL, IL.

Is fuiriste s agus sh a dhéanamh. Chun s na Gaedhilge dhéanamh is fearr bár na teangan bheith thíos fé mar a bhíon i gcóir d caol agus t caol.

Na Carblacha.

Nuair a bhíon g, c, gh, ch, ng, nú ngh leathan á dhéanamh bíon bár na teangan i gcoinnibh na bhfiacal n-íochtarach agus lár na teangan tairighthe chun an charbaill bhuig.

Nuair a bhion g, c, gh, ch, ng, nú ngh caol á dhéanamh bíon bar na teangan i gcoinnibh na bhfiacal n-íochtarach agus lár na teangan árduithe chun an charbaill chruaidh. Cleachtuighmís na stopanna ar dtúis:—

UG, IG, UC, IC, UGU, IGI, UCU, ICI.

Má bhíon na cinn sin go maith againn, déanfaimíd na cinn eile gan duadh. Tógaimís na cinn séimhithe anois. Carblach caol séimhithe is eadh an y ins na focalaibh Béarla yet, yearling, yesterday agus an ll ins na focalaibh Frainncise Versailles, merveille agus an y sa bhfocal Frainncise yeux. Éinne gur féidir leis na focail sin a rádh d’fhéadhfadh sé an gh ins na focalaibh Gaedhilge gheit (ghet) ghile (ghili) Dhiarmuid (Ghiarmuid) a rádh, Chun ch caol a dhéanamh ní gádh ach an glór a bhaint den gh san. Bíon ch leathan againn sa Bhéarla sa bhfocal lough (lach), ach i mBleácliath agus i n-áiteanna eile deirtear c