Page:Irish Made Easy - Shán Ó Cuív.pdf/104

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
9
FOGHARAIDHEACHT NA GAEDHILGE.

de ghlór an chuid eile. Tá téada glóir sa scórnaigh agus bíd siad sgartha ó’n a chéile le linn na hanálach do tharac, nú le linn h ní consain análach do dhéanamh. Tairigtear chun a chéile iad agus cuirtear ag crith iad le linn consaine glóraighe dhéanamh. Cinn ghlóracha is eadh

UB, UD, UG, UM, UN, UNG, UV, UGH, UL, UR.

Cinn análacha is eadh

UP, UT, UC, UMH, UNH, UNGH, ULH, URH, US, USH.

Na Beólacha.

Nuair a bhíon b, p, m, mh, v, nú f leathan á dhéanamh bíon na beóla amach go maith ós na fiacla, agus nuair a bhíon b, p, m, mh, v, nú f caol á dhéanamh bíon na beóla tairigthe siar chun na bhfiacal. Ní mar sin do Bhéarla an tSasanaigh; ní oibrighean na Sasanaigh na beóla chómh bríoghmhar san inéachor nuair a bhíon an Béarla á labhairt aca. Tá difiridheacht eile ann leis. Leis na beóla íochtaracha agus na fiacla uachtaracha a dheineann na Bearlóirí v agus f. Leis na beóla uachtaracha agus íochtaracha tairigthe chun a chéile a dheineann na seana Ghaedhilgeoiri an v agus an f sa Ghaedhilg. Cleachtuighmís anois iad:—

UB, IB, UP, IP, UM, IM, UV, IV, UF, IF.

Na Déadacha.

Nuair a bhíon d, t, n, nh, l, nú lh leathan á dhéanamh bíon an teanga leathta amach agus ag baint leis na fiacla uachtaracha fé mar a bhíon ag an mBéarlóir i nÉirinn le linn though (dó) nú thaw (tá) do rádh. Éinne a deireann an d san sa bhfocal