Page:Irish Made Easy - Shán Ó Cuív.pdf/103

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
8
FUAIMEANNA AGUS

an glór nú an anál amach tríd an sróin. Sid iad iad:—

UM, UMH, UN, UNH, UNG, UNGH, IM, IMH, IN, INH, ING, INGH.

Is féidir linn tabhairt fé sna gutaí srónacha do chleachta anois, mar tagan an glór amach tríd an sróin le linn iad a dhéanamh, fé mar a thagan le linn m, nú nng do dhéanamh. Islightear deireadh an charbhail bhuig i dtreó go mbíon doras na srónach ar osgailt an fhaid is a bhíon m, nú nng á rádh agus go dtagan an glór amach tríd an sróin. Ní fearr slighe ’na thabharfaimís fé sna gutaí srónacha a chleachta ná iad a chur in aonfheacht le m agus an m a rádh ar dtúis, agus ansan an guta srónach a rábh agus an carball bog íslighthe f6s. Mar seo:

UM—Â. UM—Ô. UM—Û. UM—Ê. UM—Î.

Tagan an glór nú an anál amach idir an teanga agus na fiacla nú lastiar dos na fiacla, nuair a bhíon l á dhéanamh.

UL, ULH, IL, ILE.

Nuair a bhíon r á dhéanamh bíon bár agus teangan ag crith i gcoinnibh na bhfiacal n-uachtarach. Fíor-anál is eadh h, ach go gcuirtear an anál amach de phreib.

Is féidir do gach consain bheith caol nú leathan. Nuair a bhíon consain chaol á dhéanamh bíon an teanga thuas go maith sa bhéal fé mar a bhíon le linn í a dhéanamh. Nuair a bhíon consain leathan á dhéanamh bíon an teanga thíos fé mara bhíon sí le linn ú a dhéanamh, Ní mór aire mhaith thabhairt don dá shaghas, caol agus leathan.

D’anáil a deintear cuid des na consainibh, agus