Page:Irish Made Easy - Shán Ó Cuív.pdf/102

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
7
FOGHARAIDHEACHT NA GAEDHILGE.

leathan atá ag ey. Sin a bhfuil de dhifiridheacht idir ey agus ei.

Éinne fhéadhfadh na gutaí do dhéanamh d’fhéadfadh sé na dé-fhogharacha neamh-mheasguithe do dhéanamh sa cheart. Seachnuighmis, ámhthach, agus ná bíodh ú againn i n-ionad uaí n-ionad ia. I dtaobh na ndé-fhogharach measguithe, tá dhá cheann díobh againn i mBéarla na hÉireann. Ins na focalaibh house, mouse is é ou a bhíon againn i nÉirinn, cé gurab é au, ní saghas au, a bhíon ag na Sasanaigh ins na focalaibh sin. Ar an gcuma gcéadna is é ei a bhíon againn ins na focalaibh Ireland, mind, cé gurab é ay, nu saghas ay, a bhíon ag na Sasanaigh. Is é difiridheacht atá idir au, ay agus ou, ei ná go dtosnuigheann au agus ay san áit i n-a ndeintear a agus go dtosnuigheann ou san áit i n-a ndeintear o agus ei san áit i n-a ndeintear e. Ní deacair d’Éireannaigh dé-fhogharacha na Gaedhilge do dhéanamh.

NA CONSAINÍ.

Tá mór-dhifiridheacht idir déanamh na ngutaí agus déanamh na gconsainí. Chun guta a dhéanamh ní mór an glór a leogaint amach gan chosc. Chun chonsaine dhéanamh ní mór an glór nú an anál do chosc nú do stop ar chuma éigin. Lán-chosc a bhíon ann le linn na stopanna a dhéanamh. Sid iad iad:—

UB, UP, UD, UT, UG, UC. IB, IP, ID, IT, IG, IC.

Bíon séimhiú ann (an glór nú an anál á chimilt) le linn na gconsainí séimhithe a dhéanamh. Sid iad iad:—

UV, UF, UGH, UCH, US, USH, IV, IF, IGH, ICH, IS, ISH.

Nuair a bhíon na cinn srónacha á ndéanamh tagan