Page:Gaelic Journal - No 48 Vol 4.pdf/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
247
THE GAELIC JOURNAL.

O, casaḋ file Gaeḋlaċ liom ar ṫráiġ aona-
raiġ imċéin,
A’s duḃairt, cá sgeul ar ṫeangaiḋ ṫréin
na ḃ-fileaḋ ’gus na ḃ-Féinn?
Mais’, ḃrisfiḋe, a ḃáird, do ċroiḋe ad’
ċliaḃ dá g-cloisfeá féin an sgeul,
Gur “ċroċ” ar ḃ-fir ’s ar mná alig sean-
teanga ṡuairc na nGaeḋal.

Oċ! an Beurla bradaċ breugaċ do la-
ḃairt má’s éigean dúinn,
Ní ċuirfiḋ sé i n-dearmad dúinn mar
ṫáinig saoirse ċuġainn,
Ó ċoinġioll briste Luimniġe, ó ḋliġṫiḃ
diaḃalta dúr’,
An dúnṁarḃaḋ ṫug feall Sacsan ar ar
Máṫair a’s ar g-cúis.

Ó, ’nuair ṫig le dliġeaḋ cosg ċur le céil-
eaḃar fuiseog ’g éirġe ’n-áird’,
’S ’nuair ṫig le reaċdaiḃ Sacsanaċ’ soċt
ċur ar ḟraoċ na ḃ-fág,
Is annsúd do ḋéanfad malairt teangaḋ
tréiṫeaċ Inse Fáil,
Aċt go d-tí súd leanfad, le cuideaḋ Dé,
de’n Ġaeḋilig ġlé gan ċáim.

Lorgaire na ḃ-fileaḋ.


POPULAR PROVERBS

I. Kerry (from Mr. Deane):—Is fiú an suaiṁneas é a ċeannaċ, peace is worth pur- chasing. An té ḃiḋeann ’na ḋroċ-ṡeir- ḃíseaċ dó féin, biḋeann sé ’na ṡeirḃíseaċ maiṫ do’n duine eile, a bad servant to him- self is often a good servant to another. Ní ḟaġann an síor-iarraiḋe aċt an síor-eiteaċ, a constant beggar gets a constant refusal (perhaps an tsíor-iarraiḋ, constant beg- ging?) Taḃair-se ḋamsa, agus béidir féin ad’óinsig, give to me, and you yourself will be a fool. Ní h-eaḋ i gcoṁnuiḋe ḃiḋeann Doṁnall Buiḋe d’a ṗósaḋ, ná cóir aige air. Is fearr greim ioná buille, better a grip than a blow. Céiliocán fada agus uireasḃa bróg, ḋeineann críona an t-ao óg, a long fast and want of shoes make young folk sensible. Cuir ’sa ċóṁra é, agus ġeoḃaiḋ tú gnó de, put it in the chest and you will find a use for it. Múinfiḋ a ġnó duine, a man’s business will give him an education. Nuair ḃiḋeann an raṫ ort féin, biḋeann sé air do ċuid, if you yourself are lucky, all your affairs will be lucky. Má’s maiṫ in aon ċor iad, is maiṫ in éinḟeaċt iad, if they are good at all, they are good together.

II. Clare (from Mr. Brady, Ruan):—Is treise dúṫċas ioná oileaṁaint, Nature is stronger than rearing (training). An rud ná goidtear, faġtar, what is not stolen is found. Ní ḃailiġeann an ċloċ-reaṫa a cúnaċ, the rolling-stone gathers no moss. (Cúnnaċ in Book of Lismore; usually caonaċ.) Is geal leis an ḃfiaċ-duḃ a ġeareaċ féin, the raven thinks its young one fair. Ní ḃiḋeann an sonas gan an donas in orlaiġiḃ tríḋ, there's no happiness without some misery (lit. misery in inches) through it.

III. Kerry (Mr. Lynch, Kilmakerin):— Is furusda fuine in aice na mine, it is easy to make bread (knead) near the meal. Is leor ó Ṁór a díċeall, enough (= you can only expect) from Mor is her best. An madra ruaḋ i mbun na gcearc, the fox in charge of the hens. Is minic ṫáinic bromaċ giobalaċ ċum ḃeiṫ ’na ġearrán ċumasaċ, often a rough colt became a powerful horse. Tuigeann gaċ aoinne’ a ḃalḃán féin, every- one can understand his own “dummy.” Fiaḋnaise an ġiolla ḃreagaiġ a ḃean, the witness (to the truth) of the lying man is his wife. Is buan fear ’na ḋúṫaiġ féin, a man is lasting (strong) in his own country. Is fearr lán-duirn d’ḟear ioná lán-gaid de ṁnaoi, a fist full of a man is better than a gad-full of a woman. Is fearr an troid ioná an t-uaigneas, better strife than soli- tude. Ní ualaċ do’n ḟear a ḃrat, ní ualaċ do’n eaċ a ṡrian, ní ualaċ do’n ċaora a lomra, ní ualaċ do’n ċolainn a ċiall, no load to a man is his garment, nor to the