Page:Gaelic Journal - No 48 Vol 4.pdf/57

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page does not need to be proofread.

[page]violent; danger we found not till our coming to the Back of Owey—my ruin and my sorrow that we ever came. We were eight (of) active, strong men; alas! there were enough of us with very little skill. Had it been possible (?) to save but one single man of us that would tell our friends what had befallen us!

Note.

Peter Walsh, who was a taiior in Ballinamore, in the County of Donegal, about fifty years ago, was the author of this fine song. From Sarah Gallagher, Breenagh, Glenswilly, the song was obtained by the writer.


(A CHAT ABOUT THE GAELIC CONGRESS: CORK IRISH).

AN FHÉIS.

(Cóṁráḋ idir Ṫaḋg agus Diarmuid)

D. Mór ḋuit, a Ṫaiḋg!

T. Mór a’s Muire ḋuit, a Ḋiarmuid!

D. An raḃais aig an ḃ-Féis?

T. Cad í an Ḟéis?

D. Féis na Gaeḋilge.

T. Ní raḃas; cá raiḃ sí?

D. I mBaile-aṫa-Cliaṫ.

T. Cad ċuige?

D. Ċum na Gaeḋilge ċoimeád.

T. Agus cá ḃfuil an Ġaeḋilge ag dul, gur gáḋ í ċoimeád?

D. Tá sí aig imṫeaċt as an saoġal go tiuḃ.

T. Arú! cad é sin agat d’á ráḋ?

D. Táim d’á ráḋ go ḃfuil an Ġaeḋilge aig imṫeaċt, agus muna ndeintear iarraċt láidir ar í ċoimeád gur geárr ná béiḋ focal Gaeḋilge d’á laḃuirt in Éirinn.

T. Go deiṁin, a Ḋiarmuid, táir-se riaṁ go h-ait. Ceapair é ċur ’na luiḋe orm gur geárr go mbéiḋ muinntear na h-Éireann uile ag gluaiseaċt ’na mbalḃánaiḃ.

D. Cé duḃairt a leiṫéid sin?

T. Do ċloiseas ṫú d’á ráḋ gur geárr ná beiḋeaḋ focal cainte d’á laḃairt in Éirinn, agus gur ḃ’éigin féis do ċruinniuġaḋ i m-Baile Aṫa Cliaṫ ċum greama do ċoimeád ar an gcaint. Agus cionnos ḃeiḋeaḋ daoine gan ċaint aċt balḃ?

D. Ní duḃart gur gearr ná beiḋeaḋ focal cainte in Éirinn; aċt duḃart agus deirim gur geárr ná béiḋ focal Gaedhilge in Éirinn!

T. Agus naċ caint Gaeḋilge?

D. Is eaḋ, gan aṁrus, aċt tá caint naċ Gaeḋilge.

T. Cad í an ċaint í sin?

D. Tá, Beurla.

T. O! tuigim anois ṫú. Tá eagla orraiḃ go n-aṫróċaiḋ caint na h-Éireann ó Ġaeḋilge go Beurla, agus do cruinniġeaḋ an Féis ċum cosg do ċur leis an aṫruġaḋ-san.

D. Ḃuailis do ṁeur air, fá ḋeireaḋ.

T. An dóiġ leat an dtiocfaiḋ liḃ?

D. Is aṁlaiḋ mar tá sé; deunfaimíd ar ndíċeall.

T. An raiḃ a lán daoine aig an ḃFéis.

D. Suaṫantais!

T. Cia h-é ḃí ’san gcaṫaoir?

D. Árd-ṁaor na caṫraċ.

T. Cia h-iad eile ḃí ann?

D. Ḃiḋeadar ann ó gaċ áird. Ḃí Míċeál Ciasóg ann, agus Eoin Ṁac Néill, agus an Laoideaċ, agus Duḃġlas de h-Íde, agus Pádruig O’Briain, agus mórán naċ iad de Ġaeḋilgeoiriḃ cliste aniar ’s a dtuaiḋ ’s andeas.

T. Féuċ, a Ḋiarmuid, ní ṫuigim féin cad é an tairḃe do’n Ġaeḋilge iad súd go léir do ṫeaċt i ḃfoċair a ċéile ar an gcuma san, agus iad do ḃeiṫ ag caint ar feaḋ tamaill, agus annsan iad d’imṫeaċt a ḃaile. Ní ḟeicim, an dtuigir? Puinn saoṫair ’na ndiaig.

D. Stó! rinneadar dliġṫe agus riaġalta, agus do ċuireadar cuing agus ceangal orra féin na dliġṫe agus na riaġalta san do ċur i ngníoṁ feasta.

T. Aċ! is furuisde dlíġṫe ḋéanaṁ! Cad iad na dlíġṫe do ċuireadar ar bun? Ar ċeangladar ar ḋaoiniḃ an Ġaeḋilge do laḃairt na ngnó, in ionad Beurla?

D. Deirim leat gur b’ṡin í riaġail is daingine ċuireadar síos.

T. Go gcaiṫfeaḋ gaċ aoinne Gaeḋilge do laḃairt!

D. Gan aṁrus.

T. Cogar a leiṫ ċúġam a Ḋiarmuid, ar labhradar féin í?

D. Gaċ duine, beagnaċ, a ḃain le Connraḋ na Gaeḋilge, agus a ḃí aig an ḃFéis an lá úd, rin sé a ċóṁraḋ puiblíġe as Gaeḋilge ós cóṁair na n-uasal uile a ḃí láiṫreaċ.

T. ’Gcloistí!