Page:Don Cíochóté - Ua Laoghaire.pdf/42

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
6
DON CÍOĊÓTÉ

imṫeaċt ar fuid na ndúṫaiġe ag smaċtuģaḑ tíoránaċ, ag ceartuġaḋ éagcóra, ag cosaint na lag, ag caḃruġaḋ leó i n-aġaiḋ na láidir, ag lorg éaċt le déanaṁ, agus ag déanaṁ na n-éaċt nuair a casfí 160air iad. Do ṫuig sé, an duine boċt, go ndéanfaḋ sé ar an gcuma san tairḃṫe do ṫír a ḋúṫċais, agus do ṫíorṫaiḃ lasmuiċ ḋi; agus ’san am gcéadna go dtuillfaḋ sé mór-ċlú ḋó féin, agus cáil agus oir-ḋearcas ós cóṁair an doṁain go léir. Do ṫuig sé go 165sgríoḃfí tuilleaḋ de sna leaḃraiḃ ridireaċta, agus go mbeaḋ a ainim féin in sna leaḃraiḃ a ḃí le teaċt; agus go mbeaḋ a ainim i gcóṁluadar na n-ainimneaċa móra eile úd, .i. Palmerín Ṡasana, agus Amadís na Fraince, agus Don Galaór, agus Ridire na 170Gréine, agus Ridire an Ċlaiḋiṁ Lasraċ, agus Don Belianís na Gréige, agus an ċuid eile acu mar a ḃíodar. Do ṫuig sé, leis, nuair a ṫiocfaḋ a ainim féin amaċ in sna leaḃraiḃ, agus áireaṁ ar na h-éaċtaiḃ móra a ḃeaḋ déanta aige, agus ar na trioblóidiḃ175 a ḃeaḋ fuilingṫe aige; ar na h-éagcóraiḃ a ḃeaḋ ceartuiġṫe aige, agus ar na tíoránaċaiḃ a ḃeaḋ smaċtuiġṫe aige, agus ar na gníoṁarṫaiḃ móra gaile agus gaisge a ḃeaḋ déanta aige, nár ḃaoġal ná go mbainfí ó’n oirḋearcas a ḃí ar na h-ainimneaċaiḃ 180eile úd. Do ṫuig sé gan aon daḃt gur ḃ’é deireaḋ ḃeaḋ ar an sgéal do ná ríġ ḋéanaṁ de ar ṫír mór leaṫan éigin; nó impire, b’ḟéidir, ós cionn na hEúróipe go léir.

Ḃí aige, i gcúinne éigin d’á ṫiġ, sean-éide a ḃíoḋ 185agá ṡean-aṫair, agus a ḃí lán de ṁeirg ó ḃeiṫ ċóṁ fada gan aon úsáid a ḋéanaṁ di. Ṫarraig sé ċuige an tsean-éide, agus ċrom sé ar í ġlanaḋ. Ṫug sé lá ó ṁaidin go h-oiḋċe ag sgiomar uirṫi, ag baint