Page:Don Cíochóté - Ua Laoghaire.pdf/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
4
DON CÍOĊÓTÉ

90h-uair ’ná mar a ṫaiṫn sé leis an ċéad uair. Do ṡoláṫruiġ sé leaḃar eile de’n tsaġas ċéadna agus do léiġ sé é. Do ṫaiṫn an tarna leaḃar leis níb’ ḟeárr ’ná mar a ṫaiṫn an ċéad leaḃar leis. Ḃí sé ag soláṫar na leaḃar, agus ’ġá léiġeaḋ, go dtí nár 95ḟan aon tsuím i n-aon ċor aige i n-aon tsaġas eile gnóṫa. Ṫug sé failliġe i ngnó an estáit ḃig a ḃí aige. Ní feictí ċoiḋċe amuiċ i dteannta na ḃfiagaiṫe é, ar muin an ċapaill spágaiġ úd a ḃí gan iomad feóla air. Ḃíoḋ sé ’n-a ṡuiḋe ar maidin ar 100an gcéad ṡolas; aċ is ós cionn na leaḃar a ḃíoḋ sé. Nuair a ḃíoḋ a ḃriocfaist ollaṁ, do glaoiḋtí air ċuige. Ar éigin a ṫugaḋ sé uain dó féin ar é ḋ’iṫe le h-aon ċompórd, nuair siúd ṫar n-ais ċun na leaḃar é. Mar sin do gaċ aon ḃéile ḃíḋ eile, leis. 105Níor ḃ’annaṁ, dá n-éiriġeaḋ an ḃean-tiġe ’san oiḋċe, go ḃfeiceaḋ sí an solas ar lasaḋ ’n-a ṡeómra aige, agus é sáiḋte in sna leaḃraiḃ i n-inead ḃeiṫ ar a leabaiḋ ’n-a ċodlaḋ go sáṁ dó féin.

Ḃí sagart na paróiste ’n-a ċóṁnuiḋe ’sa ḃaile 110ḃeag. Fear léiġeanta dob’ eaḋ é a fuair árdċéim i n-Ollscoil Ṡígúénsa. Ṫagaḋ duin’uasal na leaḃar uaireanta ċun cainte leis; agus ḃíoḋ sé ’ġá ḟiafraiġe ḋe cé’cu ba ḋóiċ leis ab’ ḟeárr de ridire, Palmerín Ṡasana nú Amadís na Fraince. Deireaḋ 115bearbóir a ḃí ann, darḃ’ ainm Nioclás, gur ḃ’ḟeárr Ridire na Gréine ná aoinne de’n ḃeirt; aċ go raiḃ ridire dob’ ḟeárr ’ná Ridire na Gréine féin, agus gur ḃ’é fear é sin ná Don Galaór, driṫáir Amadís.

Ḃí an duin’uasal boċt ag gaḃáil do sna leaḃraiḃ 120sin, agus ag cuíṁneaṁ ar na gaisgiḋeaċaiḃ sin, agus ar na gníoṁarṫaiḃ a ḋeinidís, agus gan aon ṗioc d’á ṁearaṫal air ná gur ḃ’ḟírinne ġlan an uile ḟocal