Page:Don Cíochóté - Ua Laoghaire.pdf/39

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
3
É FÉIN AGUS A ṀUINTIR AGUS A ĊÁIRDE

maiṫ nó ná raiḃ. Ar nós na cod’ eile de’n aicme, ní ró-rabairneaċ an coṫuġaḋ a ċuireaḋ sé air féin. Ḃíoḋ súp ċun dínnéir aige, agus ba ṁó an ċaoirḟeoil ’ná an ṁairtḟeóil a curtí i ndéanaṁ an tsúip sin.60 Ḃíoḋ an ḟeóil ḃriste, agus í fuar, ċun suipéir aige. Leite a ḃíoḋ aige Dé h-Aoine. D’ḟágaḋ san teinneas ’n-a ḃolg Dé Saṫarainn, agus iarraċt de ċuislinn air. Annsan b’ḟéidir go mbeaḋ colúr mar ṡóġluist aige Dé Doṁnaiġ. Ḃeireaḋ an rabairne65 sin uaiḋ trí ceaṫraṁna d’á mbíoḋ ag teaċt isteaċ ċuige de ṡaiḋḃreas. Do ċuireaḋ an ceaṫraṁaḋ cuid eile balcais éadaiġ air; clóca éadaiġ uasail, bríste ḃeilḃeit, agus bróga éadtroma den stuif ċéadna, i gcóir an Doṁnaiġ; agus casóg ṁaiṫ láidir70 ḃréide i gcóir laeṫanta eile na seaċtṁaine. Ní raiḃ de ṁuíntir ṫiġe aige aċ bean-tiġe a ḃí os cionn a daċad, inġean driṫár a ḃí fé ḃun fiċe bliaḋan, agus buaċaill a ḋeineaḋ frioṫálaṁ istiġ agus amuiċ air; buaċaill a ḃí go maiṫ ċun aire ṫaḃairt do’n75 ċapall, nó ċun sgeiċe an ġáirdín do ḃearraḋ. Ḃí sé féin tímċeall deiċ mbliana a’s daċad, agus é cnáṁaċ, deaġṡláinteaċ, lom. Ḃíoḋ sé ’n-a ṡuiḋe go moċ ar maidin; agus amuiċ i dteannta na ḃfiagaiṫe ba ṁaiṫ leis ḃeiṫ nuair a ḃídís amuiċ.80

Deir cuid de’n ṁuíntir a ḋein seanaċas air gur Cíoċáda ab’ ainim do. Deir aicme eile acu nár ḃ’eaḋ aċ Céasánaċ. Do réir na tuairime is feárr is Cíoċán ab’ ainim dó.

Do ṫárla, tráṫ éigin, do’n duin’uasal boċt, pé85 ainim a ḃí air, go dtáinig fé n-a láiṁ leaḃar éigin de leaḃraiḃ sgéalaiḋeaċta na ridireaċta. Do léiġ sé an leaḃar. Do ṫaiṫn an leaḃar leis. Do léiġ sé airís é. Do ṫaiṫn sé níos feárr leis an tarna