Page:Don Cíochóté - Ua Laoghaire.pdf/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
2
DIO CÍOĊÓTÉ

dóiḃ, agus a mbéil ar leaṫaḋ acu ag éisteaċt leis 25na h-iongnaíḃ éaċt a léiġtí as an leaḃar dóiḃ; agus, níḋ nár ḃ’iongnaḋ, gaċ aon rud a léiġtí as an leaḃar dóiḃ fírinne ġlan ab’ eaḋ é, dar leó.

Nuair a ṫuig luċt na leaḃar do ċumaḋ d’á uaṫḃásaiġe na gníoṁarṫa a h-innnstí gur ḃ’eaḋ ba ṁó an 30meas a ḃíoḋ orṫu, do ṫosnuiġdar ar na gníoṁarṫaiḃ a ḋéanaṁ níb’ uaṫḃásaiġe ’ná ’ċéile; go dtí, fé ḋeire, gur ċuadar ṫar na beartaiḃ ar fad leó, gan blúire suime acu ’sa deaḃraṁ ba ċeart a ḃeiṫ le sgéal, aċ gur ċuma leó an doṁan cé’cu ba sgéal 35gan daṫ é nó nár ḃ’eaḋ, an ḟaid a creidfí é.

Ḃí a lán daoine nár ġéill, ó ṫosaċ, go raiḃ puínn fírinne ’sa sgéalaiḋeaċt san na ridireaċta. Fé mar a ċuaiḋ an sgéalaiḋeaċt i n-annspiantaċt ċuaiḋ an aicme sin i méid; go dtí, fé ḋeire, go meastí 40oiread fírinne ḃeiṫ i sgéalaiḋeaċt ridireaċta, ar fuaid na h-Eúróipe, agus do meastí a ḃeiṫ in sna sgéaltaiḃ Fiannaiḋeaċta a ḃíoḋ againn i n-Éirinn tamall ó ṡin.

Do lean meas ar sgéalaiḋeaċt na ridireaċta, 45agus ar an ridireaċt féin, ’sa Spáinn ṫeas, aḃfad tar éis idir sgéalaiḋeaċt agus ridireaċt do ṫuitim fé ṁí-ṁeas i n-áiteanaiḃ eile.

Timċeall na h-aimsire sin ḃí ’n-a ċóṁnuiḋe ’sa Spáinn, i Lá Mancha, i mbaile ḃeag náċ cuíṁin liom 50cad é an ainim a ḃí air, agus gur cuma liom, duine de sna h-uaisliḃ úd gur ġnáṫ leó roinnt de sna córaċaiḃ a ḃain leis an ridireaċt do ċimeád agus do ḃeiṫ acu. Ḃí aige, anáirde ar raca, sleáġ ridire agus seana-sgiaṫ ṁeirgeaċ. Ḃí aige seana-ċapall 55lom agus cú; agus ḃí sé féin, ar nós an ċapaill, lom láidir. Ḃí sé lom go maiṫ, pé ’cu ḃí sé láidir go