Page:Don Cíochóté - Ua Laoghaire.pdf/37

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

DON CÍOĊÓTÉ

CAIBIDIOL A H-AON.

É FÉIN AGUS A ṀUÍNTIR AGUS A ĊÁIRDE.

Roinnt céadta bliaḋan ó ṡin ḃíoḋ aicme laoċ ag gluaiseaċt ar fuaid na h-Eúróipe, agus Ridirí Fáin a tugtí orṫa. Ní ḃíoḋ de ṡaoġaltaċt ag gaċ ridire acu aċ a arm agus a éide agus a ċapall, agus ní ḃíoḋ de ċualaċt aige aċ a ġiolla. Ḃíoḋ an ridire5 fáin agus an giolla ag gluaiseaċt rómpa, féaċaint cá ḃfaġdís tíoránaċ le smaċtuġaḋ, éagcóir le ceartuġaḋ, ropaire le marḃuġaḋ, nó aon ġníoṁ uasal eile le déanaṁ do ṫuíllfaḋ oirḋearcas do’n t-é a ḋéanfaḋ é.10

Nuair a ḃí an aicme sin ar biṫ ar feaḋ roinnt aimsire, agus iad ag déanaṁ a ngníoṁarṫa, do ṫosnuiġ sgéalta iongantaċa ar ḃeiṫ d’á n-innsint ins gaċ aon ḃall, ’n-a dtaoḃ féin agus i dtaoḃ na ngníoṁarṫa gaile agus gaisge a ḋeinidís. Annsan do15 tosnuiġeaḋ ar an sgéalaiḋeaċt san do ċur síos i leaḃraiḃ, agus do ṫosnaiġ na leaḃair ar ḋul ó láiṁ go láiṁ go dtí gur leaṫadar, coitċiann go maiṫ, ar fuaid na h-Eúróipe. Ní ḃíoḋ puínn daoine an uair sin a ḋ’ḟéadaḋ na leaḃair do léiġeaḋ; aċ20 nuair a ḃíoḋ foṫ-ḋuine a ḋ’ḟéadaḋ, ḃíoḋ an leaḃar ag an nduine sin, agus ḃíoḋ lán tíġe ’n-a ṫímċeall gaċ aon tosaċ oiḋċe, agus é ag léiġeaḋ an leaḃair

2