Page:Description d'un parler de Kerry.pdf/216

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
198
INGHEAN AN CHEANNAIDHE

Stad níor dhein nó go dtí gur thug sí isteach i n‑a tigh féin é. Nuair a bhí biadh caithte acu ann (níor leig uirthi gur aithin sí aoinne ná gur aithin aoinne í) dubhairt sí leis an gcailín: « Beidh sagart annso gan mhoill », ar sise; « teastuigheann uaidh rainnt cúntais a fhagháil mar gheall ar an tigh-seo agus an muinntir a bhí ann ». Chuaidh sí isteach i seómra agus do chuir sí an pártáidhe a bhí le n‑a cois suidhte. « Suidh-se annsan go fóill », ar sise. Do thug sí léi an t‑éadach-so agus do chuaidh sí féin i n‑áit fe leith, is do chuir sí uirthi é. Do ghlaodh sí ar an gcailín seómra. « Téire annsan ar do ghlúine agus cuir síos do pheacaí dom ». Do chuaidh is do bhí an cailín bocht ag innsint gach a thuit amach riamh uirthi. « Innis an fhírinne », arsa an sagart, « is leat-sa an tigh-seo agus a bhfuil ann má innseann tú go poblaidhe an fhírinne dom-sa ».

Do thosnaigh an cailín bocht ar innsint don tsagart connus mar a ghoid sí an fáinne agus do thug sí don mháta é, súil is go bpósfadh sé í : « D’fhág sé annsan mé », ar sise, « nuair a fuair sé an fáinne. Do chuireas le fán an tsaoghail mo mháighistir agus mo mháighistreás, agus níl fios agam an béo nó marbh iad ». Do bhí an captaen ag éisteacht leis an gcailín is nuair a bhí deireadh ráidhte aici, d’éirigh an sagart agus do chaith sé dhó an t‑éadach anoir agus cad a bhí as a chómhair amach ach Máire Bhán i n‑a steille bheathaidh.

« Seadh, a chéile chneasta », ar sise, « ó tánn tú agam-sa ag baile anois, agus sinn fe mhaise agus ár leanbhín, beidh síothchán agus suaineas againn go deireadh ár laethe ». Do riug sé lomabharróg uirthi agus d’fháisc le n‑a chroidhe í agus do thug deocha póg di : « Tá an méid sin déanta go h‑anamhaith agat, a Mháire », ar seisean. Is dócha, do díbrigheadh an cailín as a dtigh agus is é bhí tuillte aici.