Page:Description d'un parler de Kerry.pdf/212

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
194
INGHEAN AN CHEANNAIDHE

roimis agus do fháiltigh sí roimis mar ba chóir. Bhí mí aige san chuan agus dubhairt sí le n‑a máthair : « Anois, a mháthair », ar sise, « ó tá m’athair faghta bás agus gur fhág sé mo dhóthain do shaidhbhreas an tsaoghail agam-sa, is maith liom mé féin agus an saidhbhreas san do thabhairt do’n gcaptaen óg led’thoil-se ». Ní dubhairt an mháthair seóid ach : « Tá go maith, a inghean ó ». Do pósadh Máire Bhán agus an captaen óg agus bhí pósadh seacht lá agus seacht n‑oidhche ortha.

Fe dheire do bhí ar an gcaptaen a sheólta a thógaint suas agus dul go dtí dúthaigh éigin ag triall ar lasc eile. Do bhí brón mór air a bheith ag scaramhaint le n‑a chailín ach ni raibh leigheas air, chaithfeadh sé imtheacht. « Ná bíodh brón ort », arsa Máire, « bead-sa im’ chailín dílis duit nó go dtí go bhfillfir arís ».

Bhí an chéad mháta a bhí ar an luing anamhór leis an gcaptaen. Ní raibh ionnta ach aon anam amháin, mar déarfá. Bhíodh an captaen ag maoidheamh agus ag cainnt i gcomhnaidhe mar gheall ar Mháire Bhán, go raibh sí i n‑a cailín uasal dílis. Rógaire do b’eadh an máta agus do bhí sé ag faire ar fhaill a fhagháil ar an gcaptaen.

Do bhíodar sé mhí gan fille, agus nuair a chonaic Máire an t‑árthach ag teacht chun cuain, bhí sceitimíní ar a croidhe le lúthgháir agus le h‑áthas, ní nárbh’ iongnadh. Do bhí coighcíos acu i dteannta a chéile go cómpórdach, ach aon tráthnóna amháin ghaibh an captaen amach, agus Máire le n‑a chois. Bhíodar ag siubhal, agus casadh an máta ortha. Do chuir sé cainnt ar an gcaptaen. « Is dócha », ar seisean, « ná fuil an fear san beó d’fhéadfadh Máire Bhán a mhealladh uait ». « Is dóigh liom ná fuil », arsan captaen. « Cad é an geall a chuirfá leis? », arsan máta. « Sí an t‑árthach mo chuid féin », ar seisean, « agus cuirfidh mé an t‑árthach i ngeall leat nach féidir é ».

Do dhaingnigheadar an geall agus do fhágadar slán ag n‑a chéile. D’imigh an máta uatha. Bhí an aimsir caithte agus nuair a bhí an t‑árthach chun cuain a fhágaint ní raibh an máta ábalta ar dhul ar bórd, mar bhí sé breóidhte, mar eadh. Do b’éigint don gcaptaen a mhalairt a fhagháilt. Nuair bhí an t‑árthach imthighthe, is beag an bhreóidhteacht a bhí ar an lúbaire máta, mar do bhí ag cuir a chuid ghliocais ag obair go